An Phortaingéilis

(Athsheolta ó Portaingéilis)

Is í an Phortaingéilis teanga náisiúnta na Portaingéile, chomh maith le 5 dtír neamhspleách eile ar fud an domhain. Labhraíonn timpeall is 280 milliún duine ó dhúchas í ar fud an domhain, agus céad milliún eile mar dhara teanga nó mar theanga iasachta. Mar sin, tá sí ar theangacha móra an domhain, agus meastar go bhfuil sí ar an tséú teanga is líonmhaire cainteoirí.

Infotaula de llenguaAn Phortaingéilis
português agus português
Breve discurso em que se contem a conquista do Reyno de Pegu na Índia Oriental, pelos portuguezes em tempo do Viso-Rey Ayres de Saldanha; sendo capitam Salvador Ribeiro de Souza, chamado Massinga, natural de Guimaraens. Rei do Pegu.JPG
Cineál teanga agus teanga bheo
Úsáid
Cainteoirí dúchais 221,000,000 (2019)
Dúchasach do An Phortaingéil agus Na hAsóir
Stáit An Phortaingéil, An Bhrasaíl, An Spáinn, Angóla, Rinn Verde, An Téaváin, An Tíomór Thoir, Guine-Bissau, Poblacht Mhósaimbíc agus São Tomé agus Príncipe
Detailed SVG map of the Lusophone world.svg
Aicmiú teangeolaíoch
na teangacha Ind-Eorpacha
Teangacha Iodáilice
Teangacha Rómánsacha
Italo-Western (en) Aistrigh
Western Romance (en) Aistrigh
Gallo-Iberian (en) Aistrigh
Iberian Romance (en) Aistrigh
West Iberian (en) Aistrigh
Galician-Portuguese (en) Aistrigh
Tréithe
Córas scríbhneoireachta aibítir na Portaingéilise agus aibítir Laidineach
Institiúid caighdeánaithe International Portuguese Language Institute (en) Aistrigh, Community of Portuguese Language Countries (en) Aistrigh, Brazilian Academy of Letters (en) Aistrigh agus Sciences Academy of Lisbon (en) Aistrigh
Staidéar ag Portuguese studies (en) Aistrigh
Cóid
ISO 639-1 pt
ISO 639-2 por
ISO 639-3 por
Glottolog port1283
Linguasphere 51-AAA-a
Ethnologue por
ASCL 2302
IETF pt

Chuaigh an teanga ar fud an domhain nuair a bhunaigh na Portaingéalaigh a n-impireacht choilíneach. Inniu, tá sí ar an tseachtú teanga is líonmhaire cainteoirí. Is í an Phortaingéilis atá ó dhúchas ag duine as gach beirt i Meiriceá Theas, cé nach labhraítear ach in aon tír amháin í - an Bhrasaíl, ar ndóigh.

Cé go bhfuil dlúthghaol ag an bPortaingéilis leis an Spáinnis, rud atá le haithint ar an ngramadach ach go háirithe, tá fuaimeanna na teanga níos cosúla leis an bhFraincis agus leis an gCatalóinis, nó bíonn gutaí doiléire agus gutaí srónacha le cloisteáil sa Phortaingéilis.

Mar cheann de theangacha móra an domhain, is léir gur teanga mhór litríochta agus filíochta í freisin. Is é an cur síos a thug duine d'fhilí móra na Brasaíle ar a theanga dhúchais ná bláth deireanach Latium, chomh fiáin, chomh hálainn.

Stór focalCuir in Eagar

Fuair an Phortaingéilis an chuid is mó dá stór focal ón Laidin, ar ndóigh, ach thairis sin, tá focal Araibise, Bascaise, Ceilteacha agus Gearmáinice (ó na Viseagotaigh) ann.

Ar ndóigh, cloistear a lán focal ó na teangacha bundúchasacha sa Bhrasaíl. Bhí an-trádáil ag na Portaingéalaigh sa Chian-Oirthear, tráth, agus ba ansin a d'fhoghlaim siad an focal Sínise chá, tae. (Le fírinne, is ionann chá agus "tae" mar fhocail, ach tháinig siad ó chanúintí difriúla Sínise.)

Sa Bhrasaíl, bhí an teanga bhundúchasach Nheengatulingua geral ("teanga ghinearálta") á labhairt go coitianta faoin tuath, fiú ag sliocht na nEorpach, agus is iomaí focal a tháinig ón teanga sin, go háirithe ainmneacha na n-ainmhithe, na n-éan agus na bplandaí. (Inniu, ní chloisfeá an lingua geral ach i gcorr-áit sa Bhrasaíl. Teanga Tupi-Guaraní í a bhfuil gaol aici le Guaráinis Pharagua.)

GramadachCuir in Eagar

Is é an briathar an chuid is deacra de ghramadach na Portaingéilise, mar is dual do theanga Rómánsach.

Cá labhraítear Portaingéilis?Cuir in Eagar

An BhrasaílCuir in Eagar

Is í Portaingéilis an t-aon teanga oifigiúil sa Bhrasaíl.

AngólaCuir in Eagar

Is teanga oifigiúil í an Portaingéilis san Angóla.

MósaimbícCuir in Eagar

Is í an Phortaingéilis an t-aon teanga oifigiúil sa Mósaimbíc. Bhí eolas ar an Portaingéilis ag 50̥% den daonra sa bhliain 2007 ach ó dhúchas ag 3% (1998).

An FhraincCuir in Eagar

Tá 650,000 duine de shíolrach na Portaingéile ina gcónaí ann.[1]

São Tomé agus PríncipeCuir in Eagar

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i São Tomé agus Príncipe. Tá 98% den daonra ábalta í a labhairt.

Tíortha eileCuir in Eagar

An AstráilCuir in Eagar

I 2001 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 23,688 duine san Astráil.

CeanadaCuir in Eagar

I 2011 bhí Portaingéilis ina theanga dhúchais ag 211,335 duine i gCeanada ( 219,275 duine i 2006).

Guine BissauCuir in Eagar

Is í Portaingéilis an teanga oifigiúil i bPoblacht Guine Bissau, ó dúchas ag 11-14% den daonra.

An Ghuine MheánchiorclachCuir in Eagar

Is teanga oifigiúil í an Portaingéilis sa Ghuine Mheánchiorclach chomh maith leis an Spáinnis agus an Fhraincis.

MacauCuir in Eagar

Is teanga oifigiúil í an Portaingéilis i Macau, ag 0.6% den daonra.

An NamaibCuir in Eagar

Cé nach bhfuil an Portaingéilis oifigiúil sa Namaib, measadh i 2011 go raibh sí ina theanga dhúchais ag timpeall 100,000 (4-5% den daonra).

S.A.M.Cuir in Eagar

De réir American Community Survey 2006-2010 bhí an Portaingéilis á labhairt ag 684,493 duine i S.A.M.. Bhí thart ar 26.5% (181,437) na cainteoirí ina gcónaí i Massachusetts.

Tíomór Thoir Cuir in Eagar

Teanga oifigiúil sa Tíomór Thoir. Measadh i 2012 go raibh 35% den daonra Tíomór Theas ábalta Portaingéilis a léamh, scríobh agus í a labhairt.

TagairtíCuir in Eagar

  1. "L'essentiel sur... les immigrés et les étrangers  | Insee". www.insee.fr. Dáta rochtana: 2021-03-13.
  athraigh Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh
BéarlaBulgáirisCróitisDanmhairgisEastóinisFionlainnisFraincisGaeilgeGearmáinisGréigisIodáilisLaitvis
LiotuáinisMáltaisOllainnisPolainnisPortaingéilisRómáinisSeicisSlóivéinisSlóvaicisSpáinnisSualainnisUngáiris
Foinse: Suíomh gréasáin oifigiúil an AE