Na Viseagotaigh
Bhí na Viseagotaigh (Laidin: Visigothi, Wisigothi, Vesi, Visi, Wesi, nó Wisi) agus na hOstrogotaigh an dá ghrúpa den treibh Ghotach in oirthear na Gearmáine. Le chéile is iad seo na treibheanna a chuir isteach ar Impireacht na Róimhe i rith Tréimhse an Imirce (300-700). Throid na Viseagotaigh in aghaidh na Rómhánach i rith an 4ú haois, agus sa bhliain 410 d'ionsaigh siad an Róimh faoin Rí Alaric.
Cineál | treibh agus grúpa eitneach stairiúil |
---|---|
Creideamh | Visigothic arianism (en) |
Faoi dheireadh lonnaigh siad i ndeisceart an Ghaill mar foederati na Róimhe. Thit siad amach leo agus bhunaigh siad a ríocht féin leis an bpríomhchathair i Toulouse. Go mall, shín siad a réim amach i dtreo na Spáinne, ag fáil réidh leis na Vandail. Sa bhliain 507 ag Cath Vouillé, bhris na Francaigh, faoin Rí Clóbhis I iad. Tar éis é sin ní raibh ach Septimania acu i ndeisceart na Fraince agus bhí a ríocht teorannaithe ag an Spáinn, bhris siad an cúige Biosantánach Spania agus Ríocht Suebeach an Ghailís agus bhí an leithinis iomlán tógtha acu.
Timpeall na bliana 589, thiontaigh na Viseagotaigh, faoi Rí Reccared I, ón Chríostaíocht Airiasach, go dtí an creideamh Nícé. Tá foinsí stairiúla na tréimhse scáinte. Sa bhliain 711 nó 712 bhris fórsaí Arabacha agus Beirbeireacha airm Viseagotacha ag Cath Guadalete agus cailleadh ceannairí tábhachtacha, ina measc Rí Roderick na Viseagotach. Ina dhiaidh sin, agus de bharr Ionradh na Moslamach, thit an ríocht as a chéile, tá staraí fós ag plé chúiseanna na titime. Lean féiniúlacht Ghotach ar aghaidh i ndiaidh titim na Ríochta, go háirithe i Ríocht Asturias agus an Marca Hispanica, ach d'imigh na Viseagotaigh mar threibh as.
Tá a lán fágtha ina dhiaidh ag na Viseagotaigh, ina measc eaglaisí agus cathracha móra (an t-aon grúpa a thóg cathair nua tar éis na Rómhánaigh agus roimh na Cairilínsigh. An oidhreacht is fearr a d'fhág siad ina dhiaidh ná an córas dlí, an Liber iudiciorum, a raibh mar bhunús don modh dlí go dtí deireadh na meánaoiseanna.