Chlodovechus I

chéad rí na Franks (c 466-511)
(Athsheolta ó Clóbhis I)

B'é Chlodovechus I [1] (Gaeilge: Clóbhis, Clovis agus Clóvas) [2]) (46627 Samhain 511) an chéad Rí na bhFranc agus is é a d'aontaigh na treibheanna Francacha go léir le chéile faoi cheannaire amháin. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athar Childeric I, sa bhliain 481 mar Rí na bhFranc Saileach, ceann de na treibheanna a mhair ar ghabháltas taobh thiar den Réine Íochtaraí.

Infotaula de personaChlodovechus I

Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(la) Chlodovechus
Beathaisnéis
Breithc. 466 (Féilire Ghréagóra)
luach anaithnid Cuir in eagar ar Wikidata
Bás27 Samhain 511
44/45 bliana d'aois
Páras (Impireacht na bhFranc)
Áit adhlacthaAbbey of St Genevieve (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Rí na bhFranc
481 – 27 Samhain 511
← Childéric ITheuderich I, Clodomir I, Childebert I, Clotaire I →
Consal Rómhánach
Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAn Chríostaíocht
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amaLow Roman Empire (en) Aistrigh agus late antiquity (en) Aistrigh
Eile
Teideal uasalRí na bhFranc (481–511) Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachNa Meirvínsigh Cuir in eagar ar Wikidata
Céilebanphrionsa na bhFranc
Clotilde (493–511) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteTheuderich I
 ( banphrionsa na bhFranc)
Childebert I
 ( Clotilde)
Clotaire I
 ( Clotilde)
Clodomir I
 ( Clotilde)
Ingomer
 ( Clotilde)
Clotilde
 ( Clotilde) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairChildéric I  agus Basina Thuringia
SiblínAudofleda, Lanthilde agus Aboflede

Find a Grave: 21067 Cuir in eagar ar Wikidata

B'iad Tournai agus Cambrai lárionaid na Sailíní i gceantar Toxandria, atá anois ar teorann na Fraince agus na Beilge. Chloígh Clóvas na treibheanna Francacha máguaird agus bhunaigh sé é féin mar rí aonair orthu roimh a bhás.

Tháinig  triúr de shliocht Clovis i gcumhacht; sin iad Teuderich II (†613), Teudebert (†612) agus Clotaire (†629). Is iadsan ba ríthe ar Burgundes, Austrasia, agus Neustria faoi seach .i. ar na trí thrian a bhí i ríocht na Meirvínseach.[3]

Croineolaíocht cuir in eagar

Tá croineolaíocht réimis an rí Chlodovechus I neamhchruinn nó in easnamh. Tá bunús ár n-eolais ag brath ar an méid a scríobhadh sa dara leabhair Staire (Histoire, Livre II) le Gregoire de Tours, ina ndéantar tagairt de na heachtraí seo a leanas:

  • cogadh in aghaidh Syagrius tar éis don rí Clóvas bheith i réim ar feadh cúig bliana,
  • cogadh in aghaidh na nAlamanni tar éis dó bheith i réim ar feadh cúig bliana déag, agus
  • cogadh in aghaidh na Viseagotach cúig bliana roimh a bhás;

Bhí Clóvas cúig bliana déag nuair a ainmníodh é mar "Rí na bhFranc", réimeas a lean ar feadh tríocha bliain. Is dócha go bhfuil bunús na fírinne sna cuntais seo « à peu de choses près ». Tugann foinsí eile le fios gur sa bhliain 511 a fuair Clóvas bás, mar sin b'fhéidir gur sa bhliain 481 (circa) a ghlac Clóvas post an rialtóra .

Seo a leanas an Chróineolaíocht:

na Réine

  • 484: Comhghuaillíocht le Francaigh na Réine agus le Francaigh Chambrai. (B'é Ragnacaire, rí na bhFranc i gCambrai, agus b'fhéidir ceann de tuismitheoirí Chlóvais.)
  • 485: Phós sé banphrionsa Réineach, iníon Chloderic prionsa Köln agus bhí mac acu lena chéile, Theuderich. Is minic an pósadh seo léirmhínithe mar seift chun buntáiste beartaíochta a thabhairt don rí, bheadh suíochán aige lena comharsana san oirthear agus bheadh sé in ann a aird a dhíriú ar an deisceart.

Bhí an t-aontas seo le bhean chéile 'den dara ghrád', ábalta síocháin a chinntiú (Gearmáinis: friedelehen), idir Ríocht na bhFranc Réineach agus Ríocht na bhFranc Sailíneach. Is minic a léirmhíníodh na staraithe Críostaí an pósadh go mícheart, gur leannán leapa agus ní bean chéile a bhí sa phósadh. Ach tharla seo de réir míthuiscint na staraithe ar nósanna na nGearmánach agus ar chomhdhéanamh polagamach na dteaghlach Gearmánach, gan phósadh.

Féach freisin cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Gregorii Turonensis Decem Libri Historiarum, II, passim
  2. http://www.tearma.ie/Search.aspx?term=Clovis,Tearma.ie
  3. Diarmuid Johnson (2022). "Ceallach- Cín Lae Fíréin AD590-620" (ga-IE). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2023-04-19. Dáta rochtana: 2023-04-21.