Go stairiúil, na Frainc (Laidin: Franci nó gens Francorum) a thugadh ar dtús ar na dtreibheanna Gearmánacha a bhí ag fánaíocht ar na bhfearainn idir Lár agus Íochtar na Réine, sa 3ú haois AD, agus ina dhiaidh sin thugtaí na Gaill ar dhaonra na Gaille a chomhtháthaigh leis na Gallo-Rómhánaigh.

Léarscáil ar a bhfuil roint treibheanna luaite
Léarscáil de na Frainc sa tríú haois.

Eochair:
Uaithne = pobail na bhFranc;
Dubh = pobail Gearmánacha eile;
Buí-donn = Impireacht na Rómhánach.

Le linn na céadta bliain ina dhiaidh sin, thug siad a n-ainm don Fhrainc agus a ba chuid dhílis de phobal na Fraince iad. Roinne cuid de treibheanna na bhFranc ruathar ar chríoch Rómhánach, ach chuaigh treibheanna eile i bpáirt le trúpaí Rómhánacha sa Ghall.

Níos déanaí ina dhiaidh sin, ba rialtóirí míleata iad na Gaille sa chuid thuaidh den Ghaill-Rómanach. Trí choróiniú Shéarlais Mhóir, mar Impire na Rómánach (Imperator Romanorum), Lá Nollag 800 AD, cuireadh aontacht phoiliticiúil na sean Róimhe ar bun arís, ach an aontacht sin a bheith Críostúil feasta.

O aimsir Shéarlais Mhóir anuas, bhíodh dhá thaoiseach in iarthar na hEorpa - an Pápa agus an tImpire. D’fhéafaí a rá go raibh oidhreacht na hImpireachta tagtha anuas chuig an gcine ba mhó le rá de na barbaraigh, tar éis fuil úr na bhFranc agus seanghradam na Róimhe a shnaidhm le chéile.