Ráitis Cháiliúla de chuid an Chadhnaigh

liosta de rudaí cáiliúla a dúirt Máirtín Ó Cadhain

Is éard atá ar an leathanach seo ná Ráitis Cháiliúla de chuid Mháirtín Uí Chadhain. Foilsíodh cuid áirithe den liosta seo ar Tuairisc.ie.


  • Ní mhairfidh an Ghaeilge gan an Ghaeltacht ach ní mhairfidh an Ghaeltacht ach oiread gan an Ghaeilge ar fud na hÉireann.


  • 'bheadh sé cho maith dhom a rá go gcreidim go bhfuil mé marfach—dúnmharfach b’fhéidir — i gceachtar den dá theanga oifigiúil' - Ó Cadhain, Páipéir Bhána, 34


  • Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. ... Is mar a chéile agamsa ... pobal na Gaeilge a shlánú agus an Ghaeilge a shlánú. Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann - seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a tabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann.


  • Marach cho míréasúntach is bhí cine Gael ariamh anall is fadó imithe as an stair muid.


  • Ní hí fírinne na litríochta fírinne an tsaoil. (Ó Cadhain 1969: 10).


  • Sé an dóchas an mhaidhmiú chuartach, an chain detonation, a fheicim ariamh anall i stair na tíre. Na géaga giniúna: an dóchas ag gint an mhisnigh agus an misneach ag gint an ghnímh.


  • Ní mhairfidh an Ghaeilge agus an Béarla le chéile, ach an oiread agus a mhairfeadh cat agus luch i mbosca.


  • Maireann an dóchas fós mar go maireann an Ghaeltacht – más ar éigean féin é.


  • Dúirt Máirtín Ó Cadhain sa bhliain 1950: “tá gluaiseacht na Gaeilge ariamh dhá oiliúint ar phurgóidí na sean- ‘traidisiún’ agus ar uachtar reoite rómánsaíochta: seanchineálacha éadaigh (nó éadaigh a síltear a bheith ina seanchineál), seanoirnéis, sean-saoirsinn, seantithe, seandathúchán, seandamhsaí, seannós ceoil, seanghnáis, seanlitriú, seanchaithe, seanscéalta, seanfhilíocht an 18ú céad, gach abairt dá mhíofaire i gcruth seanfhocail, gach gné seanchailleachais”


  • Shamhail mé troid.


  • Ní le cantalóirí ná le hollúna ná leis an nGaeltacht an Ghaeilge. Is leis an gcine í.


  • Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus sí athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge.


  • An uirnis liteartha is fearr a fuair mé ó mo mhuintir an chaint, caint thíriúil, caint chréúil, caint chraicneach a thosaíos ag damhsa orm scaití, ag gol orm scaití, de mo bhuíochas.
  • Tá aois na Caillí Béarra agam, aois Bhrú na Bóinne, aois na heilite móire. Tá dhá mhíle bliain den chráin bhréan sin arb í Éire í, ag dul timpeall i mo chluasa, i mo bhéal, i mo shúile, i mo cheann, i mo bhrionglóidí.'
  • Ba é an baile fearainn ba mhúnla don traidisiúntacht, don chomharsanúlacht, do chomhar agus do mheitheal, d’obair trá agus portaigh, d’áthas agus do bhás.


  • Thosaigh Cois Fharraige ó bhreaclach go carraig mhaol, go caoláire go sruthán, go loch go sliabh, go haghaidh fir, mná agus linbh, dhá chruthú féin thiar ar chúl m’fhoraí dúinte.



  • Gach uair a bhfeiceann Aire Rialtais duine acu [feidhmeannaigh na Gaeilge] ina chóiriú cath, líonann a chroí lán de dhóchas agus de mheanmna, déarfaidh sé go bhfuil chuile shórt i saol na Gaeilge ar fheabhas agus codlóidh sé eadra eile ar an gcneá sin.


  • Cuid den chrann smola atá ar an nGaeilge go bhfuil chuile shórt dá mbaineann léi snaidhmthe le scolaíocht.


  • B’ionann na boicht agus lucht na Gaeilge. Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sular léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital.


  • Go dtí go mbeidh chuile phost poiblí sa tír le fáil gan Béarla, ní bheidh cothrom faighte ag Gaeilgeoirí…


  • Caithfear an pholaitíocht bhrocach atá ag iarraidh chuile rud a chlaon chun na Ceathrúin Rua a chur ó rath.


  • Glacadh chomh dona le Cré na Cille nach bhfuil ach diomalú ama domsa a bheith ag gabháil don scríbhneoireacht. Dúirt gach léirmheas nach raibh mé in ann scríobh.


  • Ó bhó go deo nach ann a bheas an grammar.


  • B’éigean dom teanga nua a fhoghlaim ar scoil. Deireadh na múinteoirí gur Gaeilge gan ghraiméar a bhí agam.


  • Níl modh is fearr lena n-iontú ina mBéarlóirí ná an Ghaeilge atá ann a dhíreoiliú.


  • Dúirt sé sa bhliain 1960 - An Ghaeilge amháin an t-aon gheis a bhraithim orm féin mar Éireannach leis na blianta.


  • Dúirt sé uair gur “i gcomhthionól fuinniúil fuinte” a tógadh é agus go raibh an t-aicmeachas ina dhlúthchuid den chomhthonól sin.


  • “Bhí an smaoineamh seo téaltaithe i m’intinn sular fhág mé an Ghaeltacht ná ar chuala mé caint ar Mharx ná ar an gConaolach ariamh …Mar thar áit ar bith in Éirinn bhí an t-idirdhealú aicmeach, an class distinction, suntasach sa nGaeltacht…Bhí an fuath aicmeach seo gríosta ionam i bhfad sular léigh mé an chéad fhocal den Chonaolach ná de Das Kapital. Agus nuair a léigh thuig mé ar an bpointe céard é…”


  • “Mé féin an t-aon duine a casadh orm de chomhchumannach ná eile a léigh An Caipiteal le Karl Marx ó thús go deireadh ,”


  • Mhol sé Clár Cumannach Mharx agus Engels. “Dóchas, ardú meanma agus …feabhsú saoil do na milliúin ó shin é,” a dúirt sé.


  • “Is Marxach mise. Ní fhágann sin nach sórt Críostaí mé… ní miste dhom a rá go dtugaim buíochas do Dhia go raibh Karl Marx ann. Leis an rún buíochais nó míbhuíochais a thapú, ní miste dhom a rá go dtugaim buíochas do Dhia go raibh Karl Marx ann.”

Sliocht as caint dar teideal 'Dúnmharfóirí na Gaeltachta' a thug Ó Cadhain i mBéal Feirste in 1965. Caint neamhfhoilsithe (Luaite ag Aindrias Ó Cathasaigh ina leabhar ar Ó Cadhain, Cadhnaíocht)

  • "Maidir le fealsúnacht na gcomhchumannach agus an séana atá ann ar an gCreideamh Críostaí … Ní léar dhom gur cuid riachtanach den chomhchumannachas é sin.”


  • Sé dualgas lucht na Gaeilge a bheith ina sóisialaigh. Siad lucht labhartha na Gaeilge sa nGaeltacht an aicme is direoile agus is buailte den mhuintir seo againn in Éirinn. Is mar a chéile agamsa, an aicme sin, pobal na Gaeilge, a shlánú agus an Ghaeilge a shlánú. Ní féidir an slánú seo a dhéanamh ach le Athghabháil na hÉireann – seilbh na hÉireann agus a cuid maoine uilig a thabhairt ar ais do mhuintir na hÉireann. Is ionann mar sin liom an Réabhlóid is gá chun na hAthghabhála sin agus slánú na Gaeilge. Mar sin gníomh ar bith a bhorrfas le meanmna phobal na Gaeilge is cuid agus cuid thábhachtach den Athghabháil é. Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar strae (paimfléad) (1969)


  • Ní hé amháin gur chóir do lucht na Gaeilge a bheith páirteach i gcoga seo Athghabhála na hÉireann – is é an t-aon rud ar fiú a bheith páirteach ann in Éirinn – ach is é ár ndualgas a bheith dhá chinnireacht agus dá threorú. Bíodh an Ghaeilge ag stiúra na réabhlóide, ar an gcaoi seo bíodh an Ghaeilge ar na smaointí is forásaí in Éirinn: is ionann sin agus slánú na Gaeilge. ’Sí an Ghaeilge Athghabháil na hÉireann agus is í Athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge. ’Sí teanga na muintire a shlánós an mhuintir. Mar sin, an áit is tréine an agóid bíodh an póistéara Gaeilge le feiceáil agus an gháir Ghaeilge le cloisteáil. An áit is tréine an dúshlán in aghaidh an rachmais, in aghaidh na héagóra, ar son na bhfann agus na mbocht, bíodh fáinne Gaeilge an Choirnéil le feiceáil agus leas dá bhaint as anois nár shamhlaigh an Coirnéal ariamh. Gluaiseacht na Gaeilge, Gluaiseacht ar Strae (1969)
  • An rud is tábhachtaí anois sa litríocht ar fad, an intinn a léiriú, páirt den duine nach féidir an camera a dhíriú uirthi. Caint dhílis an duine nach mór. Is acmhainní i bhfad caint chuige sin ná ag tabhairt seoraithe faoin a chuid éadaigh, a ghné chraicinn, a theanga, troscán a thí nó troscán an ardáin, na tíre, ná na nós faoi gcuairt… Ní hé an rud atá ar chraiceann an duine a bhfuil an tábhacht ann, ná fiú an craiceann féin, ach an rud a bhfuil sé ag siúl timpeall leis istigh ina cheann. Is mó atá a fhios againn faoi réalta Nimhe ná faoina bhfuil ar siúl istigh faoin mblaoisc bheag sin le t’ais. (Ó Cadhain, M. 1969. Páipéir bhána agus páipéir bhreaca. 30, 31.) Dúirt an Dochtúir Louis de Paor: "Chuirfinn an chaint cháiliúil a thug sé do Chumann Merriman i 1969 i measc an tsaothair sin agus is ansin is soiléire a mhínigh sé an tábhacht a bhain leis an ngné is treise dá shaothar féin .i. gné na haigneolaíochta" https://www.máirtínócadhain.ie/ceist-ce-a-leifidh-mairtin-o-cadhain/#a:nbl27
  • 'Déarfaidh an stair go raibh rudaí indéanta ach nár dearnadh.' Comhar 1969
  • 'Ní call troid go brách. Tá sé ró-mhall. Tá an Ghaeilge básaithe. Níl a fhios cé an pointe díreach a bhfuair sí bás. Sin rud a mbeidh cailicéireacht mhór faoi sa stair amach anseo. Ní bheidh aon chailicéireacht faoin méid seo, deile: i bhfad roimh dheireadh an chéid seo ní bheidh pobal mór ná mion dhá labhairt.'

"Do na Firéin" Comhar, Márta 1962

  • 'Ag deireadh an chéid seo caite (19ú haois) tháinig an suaitheadh intleachta agus íomháineachta ba mhó dár thárla in Éirinn le dhá chéad bliain roimhe. Thuig an tír a fíor-dhúchas - thuig céard a bhí innti fhéin. Go díreach nó go neamhdhíreach ba de bharr na Gaeilge é sin.' Cáiscín, Irish Times, 21 Nollaig,1955.
  • "Má tá bá ar bith acu [muintir na hÉireann] leis an teanga is de bharr go gcreideann siad gur dlúithide dá sinsir iad é, gur rud riachtanach í an Ghaeilge le bheith ina nÉireannaigh níos fearr." Do na Firéin. (1962)
  • "Má fheicim Rialtas Éireannach atá ag deimhniú lena chuid faillí fearacht gach Rialtas Éireannach dhá raibh riamh ann go dtí seo - nach mairfidh an Ghaeilge, ní tréas liomsa tréas ina aghaidh." Feasta Iúil 1960
  • "Ainneoin a bhfuil mé a rá anseo tá ómós agam d'aon duine a rinne nó atá ag déanamh rud ar bith ar son teanga na tíre -- is ionann liom an dá rud ag an deireadh." Do na Firéin (1962)

Ráitis Bhéarla

cuir in eagar
  • Seo an Cadhanach ag trácht ar nimh scríbhneoirí Béarla in aghaidh na Gaeilge: "The meanest thing about Irishmen writing in English today - the majority of them and especially all the host of mercenary scribblers - is their enmity towards the Irish language."

Mallachtaí agus maslaí ó Chré na Cille

cuir in eagar
  • Dealaigh leat, a strachaille…
  • A scollacháin ghránna
  • A mhagarlach bhradach!
  • Ba é an cnuastóir ba mheasa faoi na brait é. Bhí sé chomh críonna agus go mbeadh sé in ndon luchain a fhosaíocht, mar deirtear.
  • An sclaibéara os é Stiofán Bán é!
  • Ó, an gadaí! An briogadáinín bobailíneach!
  • A raicleachín ribeach!
  • Ba bhreá an ball i mótar é. Roilléire féasóige. Starógaí. Cromshlinneán. Caochshrón. Camroillig. Athchraiceann brocamais. Níor nigh sé é fhéin ariamh…
  • Glan leat, a Chrosacháin an deargadh tiaraí.
  • Luí fada gan faoilte air! Seacht n-aicíd déag agus fiche na hÁirce air! Calcadh fíodáin agus stopainn air! Camroillig agus goile treasna air! An ceas naon air! An Bhuí Chonaill air! Pláigh Lasaras air! Eagnach Job air! Calar na muc air! Snadhm ar bundún air! Galra trua, bios brún, péarsalaí, sioráin, maotháin agus magag air! Glogar Chaoláin ní Olltáirr ann! Galraí sean-aoise na Caillí Béara air! Dalladh gan aon léas air agus dalladh Oisín ina dhiaidh sin! Tochas Bhantracht an Fháidh air! An Galra glúiníneach air! Deargadh tiaraí air! Gath dreancaidí air!…