Sa Rúraíocht, ba é Cormac Cond Longas (fosta Connlongas, Connloinges) (flaith ar deoraíocht) an mac is sine de Chonchúr mac Neasa lena mháthair féin, Neasa. Ba é Fearghas mac Róigh a athair altrama.

Infotaula de personaCormac Cond Longas
Teaghlach
AthairConchúr mac Neasa

Lean Cormac Fergus ar deoraíocht go Connacht tar éis eachtra Dheirdre, agus throid ar son Ailealla agus Méabha in éadan a athar sa Táin Bó Cuailnge. I rith an chatha, chuir sé cosc ar Fhearghas, Conchúr a mharú.

Nuair a fuair Conchúr bás, d'iarr na hUlaidh ar Chormac a athfhilleadh ina rí. Ar a thuras abhaile, ámh, cuireadh iallach air a gheis a bhriseadh, agus maraíodh eisean agus a fhir nuair a ionsaíodh an brú faoinar bhain siad.

Tagairtí cuir in eagar