Sa Rúraíocht, ba bhanfhlaith Uladh í Neasa (Sean-Ghaeilge Ness) agus máthair Conchúr mac Neasa. Ba é Eochaidh Sálbhuí, rí Uladh, a hathair.

Infotaula de personaNeasa
Teaghlach
CéileFearghas mac Róigh Cuir in eagar ar Wikidata
PáirtíFachtna Fáthach
Cathbhadh Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteConchúr mac Neasa
 ( Cathbhadh)
Deichtine
 ( Cathbhadh)
Fionnchaomh
 ( Cathbhadh) Cuir in eagar ar Wikidata
AthairEochaidh Sálbhuí

Neasa agus Cathbhadh

cuir in eagar

Tógadh Neasa le beirt aithreacha altrama déag.[1] Ar dtús, glaodh Assa ("séimh, mín") uirthi, mar ba chúis áthais é, í a altramú.

Ba thaoiseach cheithearn fhianna é Cathbhadh, príomhdhraoi an Rí Uladh, agus dhírigh sé ionsaí ar theach athair altrama Neasa, agus maraíodh cách ann. Ní raibh ar a chumas ar Eochaid tada a dhéanamh toisc nach rabhthas in ann an chóir a leagan ar Chathbhadh. Is ar an gcaoi sin a bhunaigh Ness a ceithearn fhianna féin chun teacht suas leis. De bharr sin, tugadh an leasainm Ní‑hassa, nó Ness / Neasa, dí.

Giniúint Chonchúir

cuir in eagar

De réir leagan amháin den scéal, d'fhiafraigh Neasa de Chathbhadh céard a bhí ann an lá úd mar dhea-thuar. Thug seisean mar fhreagra gur lá maith é chun rí a ghineadh. Ós rud é nach raibh fear ar bith eile i láthair, mheall sí Cathbhadh chun na leapa, agus gineadh Conchúr.[2]

I leaganacha eile,[1][3] agus Neasa imithe ina haonar chun folcadh, tháinig Cathbhadh chuici agus d'éiligh sé í mar bhean chéile. Ní raibh an dara rogha aici ach toiliú.

I leagan eile, áfach, níorbh é Cathbhadh athair mac Neasa, ach a leannán, an t-ard-rí, Fachtna Fáthach.

Tá scéal eile ann: oíche amháin agus tart ar Chathbhadh, thug Neasa deoch ón abhainn dó. Chonaic sé dhá phéist ar snámh ann, ámh, mar sin chuir sé ar Neasa í a ól. Cé go séantar é go sainiúil sa scéal gurbh é seo a rinneadh torrach dí, is minic é sna seanscéalta go gintear daoine tábhachtacha nuair a ólann a máithreacha ainmhí beag i ndeoch éigin.

Breith Chonchúir

cuir in eagar

Thug Eochaid don lánúin roinnt tailte i gCríoch Rois,[4] in aice leis an abhainn Chonchúr.

Agus Neasa agus Cathbhadh ag taisteal chun cuairt a thabhairt ar Fhachtna, ar bhruach na habhann úd chuaigh Neasa i dtinneas linbh. Rinne Cathbhadh tairngreacht go mbeadh breithlá a linbh ar chomh lá le hÍosa Chríost,[5] márbh fhéidir léi fanacht go dtí an lá dár gcionn. Shuigh sí ar chloch ar bhruach na habhann, agus ar an lá ina dhiaidh, rugadh Conchúr dí. Thit an leanbh i ndiaidh a mhullaigh isteach san abhainn, ach d'ardaigh Cathbhadh amach é. D'ainmníodh an leanbh as an abhainn.

Rinne Cathbhadh tairngreacht faoi chlú agus cháil a mbeadh in ann do Chonchúr sa todhchaí. Rinne sé trácht ar mar "mo mhac agus mo gharmhac (ua)", a thabhairt le fios gurbh athair Neasa é Cathbhadh, agus gur rugadh Conchúr de chiorrú coil eatarthu.

Pósadh Neasa le Fearghus

cuir in eagar

Agus Conchúr seacht mbliana d'aois, bhí Fergus mac Róich ina rí Uladh, agus thit sé i ngrá le Neasa.

Thoiligh sí é a phósadh ar choinníoll amháin – go dtugadh sé suas a choróin do Conchúr ar feadh bliana, ionas go mbeadh a mhic ina mic rí. Chuaigh Fearghus i gcomhairle lena hiarlaí, agus dúirt siad leis nach mbeadh ach ainm rí ar an mbuachaill, mar sin d'aontaigh sé.

Agus a mháthair á chomhairliú, ámh, d'éirigh le Conchúr na hUlaidh a thabhairt ar a thaobh, ag riar is ag roinnt maoine, bótháinte, agus deontas. Ag deireadh na bliana, choisc na hUlaidh Fearghus ar theacht ar ais, agus choinnigh Conchúr an ríogacht.[1]

Clann Neasa

cuir in eagar

De réir roinnt traidisiúnta, máthair Chormac Conn Longais ab ea Neasa de chiorrú coil le Conchúr, ach de réir eile, mac Chlothru, bhean chéile Chonchúir, ab ea Cormac.[6] Ba mháthair í Neasa freisin de dheirfiúracha Chonchúir, Deichtine agus Findchóem.

  1. 1.0 1.1 1.2 Whitley Stokes (eag. & aistr.), "Tidings of Conchobar son of Ness"
  2. Thomas Kinsella, The Táin, 1969, lch. 3
  3. Ériu 2, 1908; Kuno Meyer, "Anecdota from the Stowe MS No 992", Revue Celtique 6, 1883-1885, ll. 171–186
  4. cuid de chontaethe an , an Mhuineacháin agus na an lae inniu
  5. a christian era interpolation, surely
  6. Joseph O'Neill, "Cath Boinde", Ériu 2, 1905, ll. 173–185