Deichtine

Deirfiúr Chonchúr Mac Neasa

Sa Rúraíocht, ba í DeichtineDeichtire deirfiúr Chonchúir mhic Neasa agus máthair Chú Chulainn. Sualdamh mac Róigh ba ea a fear céile, ach b'fhéidir gurbh é fíorathair Chú Chulainn ná Lugh na dTuath Dé Danann.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarDeichtine
Deichtine agus Deichtine Cuir in eagar ar Wikidata
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnebaineann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
LánúinLugh Cuir in eagar ar Wikidata
CéileSualdamh mac Róigh Cuir in eagar ar Wikidata
MáthairNeasa Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCathbhadh Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
SiblíníConchúr mac Neasa Cuir in eagar ar Wikidata

Leagan 1 cuir in eagar

Sa leagan seo, is carbadóir Chonchúir í.

Nuair a tháinig ealta éan anuas ar Eamhain Mhacha tráth agus d'ith an féar, shocraigh fir na nUladh iad a sheilg. Le titim na hoíche, agus é ag cur sneachta, d'aimsigh siad teach chun foscadh, Chuir fear óg agus a bhean chéile, agus í dtinneas clainne, fáilte romhaibh le bia agus deoch. Thug sise mac wife an saol, mar an gcéanna le láir lasmuigh a thug dhá shearrach. Ag éirí arís ar mhaidin, d'aithnigh na hUlaidh Brú na Bóinne an áit. Bhí an teach agus na tuistí imithe, ach d'fhanadh an leanbh agus na searraigh siar. Thóg Deichtine took buachaill mar mhac altrama, ach, a bhaile arís ag Eamhaim, ach bhuaileadh tinn é d'éag sé.

Níos faide anonn, agus Deichtine ag ól dí, léim péist bheag isteach ina béal. Thit a chodladh uirthi, agus thaispeáin Lugh é féin di chun a insint léi go raibh a theachsa é an oíche úd, agus go raibh sí ag iompar a pháiste. Bhí na hUlaidh ag labhairt i gcogar gur mhac Chonchúir a bhí ann, ach mar sin féin, gheall seisean Deichtine le Sualdamh mac Róich. Ar oíche a bainise, agus náire uirthi bheith torrach ar son fir eile, bhasc sí an leanbh ina broinn agus rinneadh maighdean di arís. Ansin chuaigh sí a chodladh lena fear céile, d'éirigh sí torrach, agus thug sí mac ar an saol, Cú Chulainn.

Leagan 2 cuir in eagar

I leagan eile, d'imigh Deichtine gan tásc ó Eamhain Mhacha, agus ba í an bhean chéile a bhí i dtinneas clainne, agus a thug Cú Chullainn ar an saol.

Teaghlach Dheichtine cuir in eagar

Ba í Maga nic Aengus Óg máthair Deichtine, agus ba é Cathbhadh Draoi a hathair. Is í Finchoem í deirfiúr.