Sa Rúraíocht, ba é Sualdamh mac Róich (Sean-Ghaeilge Súaltam[1] mac Róich) athair saolta Chú Chulainn. Ba í Deichtine, deifiúr Chonchúir mhic Neasa, a bhean chéile, agus Fergus mac Róich a dheartháir.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí CarachtarSúaltam mac Róich
Cineálcarachtar i miotaseolaíocht na nGael Cuir in eagar ar Wikidata
Comhthéacs
I saotharAn Rúraíocht agus Táin Bó Cúailnge Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta
Inscnefireann Cuir in eagar ar Wikidata
Muintir
CéileDeichtine Cuir in eagar ar Wikidata
AthairRossa Ruad Cuir in eagar ar Wikidata
LeanaíCú Chulainn Cuir in eagar ar Wikidata
Leanann cloigeann Shualdaimh ag screadaíl foláirimh. Léarscáil le Stephen Reid, as Myths and Legends of the Celtic Race, (T. W. Rolleston, 1911)

Tuismíocht Chú Chulainn cuir in eagar

Is doiléir é tuismíocht Chú Chulainn, nó Séadanda mar a ainmníodh é ag a bhreith.

I leagan amháin, bhí Deichtine ina máthair altrama do mhac , ach d'éirigh an leanbh tinn agus d'éag sé. D'éirigh sí torrach ansin le Lú, a dúirt léi an t-ainm Séadanda a thabhairt don leanbh. Bhí sí geallta le pósadh do Sualdamh, ámh, agus chur sí deireadh leis an toircheas. Phós sí Sualdamh and rug sí leanbh leis, agus Séadanda an t-ainm a thug sí dó.[2]

I leagan eile, d'imigh Deichtine gan tásc gan tuairisc ó Eamhain Mhacha. Threoraigh ealta draíochta éan na hUaisle Uladh go tigh éigin, áit a chuir Lú fáilte romhaibh. D'inis sé dóibh go raibh a bhean chéile ar tí leanbh a shaolú. Fuair na hUlaidh amach gurbh í Deichtine an bhean agus Séadanda a mac.[3] Tógadh é le Sualdamh agus Deichtine ina mbaile ar Mhachaire Mhuirtheimhne[4] i gContae Lú.[5]

Táin Bó Cúailnge cuir in eagar

Agus Cú Chulainn 17 mbliana d'aois, thosaigh banríon Chonnacht Méabh ionsaí ar Ulaidh, an Táin Bó Cúailnge.

Bhí Cú Chulainn and Sualdamh ag faire na teorann ag Crosa Caoil[6] i gContae na Mí. Agus Cú Chulainn ag déanamh a dhíchil moill a chur ar ionsaí an airm, chuaigh Sualdam chun Conchúr a fhógairt. De bharr fáthanna gan mhíniú, bhain sé míonna ar leith chun teacht in Emhain Mhacha. Réab sé isteach agus scairt sé go raibh fir á marú, mná á bhfuadach agus bólacht á gcreachadh, agus gurbh ar Ailill mac Máta, Rí Chonnacht, an chúis. Tugadh neamhaird dó, áfach, toisc gur theip ar chomhghnás a leanúínt - níor ceadaíodh d'éinne labhairt roimh an rí, agus níor ceadaíodh don rí labhairt roimh a thrúir draoithe - agus bhí Conchúr agus a dhraoithe d'aon guth go gcuire chun báis é. Rith Sualdamh amach, ach thit sé i gcoinne fhleasc faobhraithe a scéithe, agus dícheannaigh sé é féin. Iompraíodh an cheann ar a sciath isteach, ag scairteadh fós a scéal. I ndeireadh na dála, spreagadh Conchúr chun gnímh agus chruinnigh sé a arm chun catha.[7]

Tagairtí cuir in eagar

  1. leaganacha eile: Súaltaim, Súaldam, Súaldaim, Súaltach
  2. A. G. Van Hamel (eag.), Compert Con Culainn and Other Stories, Institiúid Ard-Léinn Bhaile Átha Cliath, 1978, ll. 3-8
  3. Tom Peete Cross & Clark Harris Slover (eag.), Ancient Irish Tales, Henry Holt & Company, 1936 (athchlóite ag Barnes & Noble, 1996), ll. 134-136
  4. Muirtheimhne ar logainm.ie
  5. Thomas Kinsella, The Táin, Dolmen/Oxford University Press, 1969, lch. 76
  6. Crosa Caoil ar logainm.ie
  7. Kinsella 1969, ll. 68-70, 218-219