Méabh Leathdhearg

bandia Éireannach

I miotaseolaíocht na nGael, ba bhandia an fhlaithis í Méabh Leathdhearg (Sean-Ghaeilge Medb Lethderg) gaolta le Teamhair. Ba bhean chéile nó leannán í de naoi rí i ndiaidh a chéile, ina measc Fedlimid Rechtmar, Art mac Cuinn agus Cormac mac Airt.

Infotaula de personaMéabh Leathdhearg
Gníomhaíocht
Gairmfile, scríbhneoir Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
CéileArt mac Cuinn Cuir in eagar ar Wikidata

Is amhlaidh gurb ionann í (nó ar a laghad an spreagadh) agus Méabh na gConnacht sa Rúraíocht.[1]

Deirtear sa Leabhar Laighneach gurbh ise a scríobh an dán Macc Moga Corbb celas clú.

Foinsí cuir in eagar

  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings. Four Courts Press. 2a eagrán, 2001.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Byrne, 2001.