Muiredach Tirech

rí Éireannach

I Miotaseolaíocht na nGael, Ard Rí seanscéalach na hÉireann den 4ú haois ab ea Muireadach Tíreach (Sean-Ghaeilge Muiredach Tírech) mac Fíachu Sroiptine.[1]

Infotaula de personaMuiredach Tirech
Beathaisnéis
Breith4 haois
Ardrí na hÉireann
Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteEochaid Mugmedon Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFíachu Sroiptine

Tháinig sé i gcoróin tar éis dó na Trí Cholla, a mharaigh a athair, a chur ar deoraíocht. D'fhill na Colla i am trátha agus rinne siad iarracht é a spreagadh iad a mharú. Nuair a theip orthu, chuaigh sé i mbun a sheirbhíse i gceannas a arm. Cuireadh ag cumhacht é ag Cáelbad.[2]

Insíonn McManus: “Ag dtús na ceathrú haoise, dhírigh, Muiredeach Tireach, Ard-Rí na hÉireann, a thriúr nia, na Trí Cholla, a n-aghaidh a chur ó thuaidh, agus talamh an chlaímh a bhaint amach dóibh féin. Ar chreachtaí seanríocht na nUladh, bhunaigh siad ríocht nua na nAirgíalla — a bhí as seo amach, ar feadh míle bliain nach mór, ról tábhachtach aige i stair na hÉireann, agus a bhí i seilbh ag a sliocht Mic Mhathúna, Uí Anluain, Uí Chearbhaill, agus Mic Uidhir.”[3]

Sliocht cuir in eagar

De réir Leabhar Gabhála na hÉireann[4] agus a saothair fréamhaithe, athair Eochaid Mugmedon ab ea Muiredach Tírech, agus dá bharr seanathair Néill Noígíallaigh agus sinsear ríshliochtaí Uí Néill agus na gConnacht.

Tagairtí cuir in eagar

  1. "Legendary High Kings of Ireland".
  2. "Irish History, the story of the Irish Race".
  3. McManus, Seamus (1990). "The Story of the Irish Race: A Popular History of Ireland". New York: The Irish Publishing Co. 
  4. R. A. Stewart MacAlister (eag. & aistr.), Lebor Gabála Érenn Part V, Irish Texts Society, 1956, lch. 345-347


Réamhtheachtaí
Colla Uais
Ard-Rí na hÉireann
ACM 326–356
FFÉ 310–343
Comharba
Cáelbad