Henry Bagenal
Marascal Airm Ríocht na hÉireann sa ré Eilíseach ab ea é Sir Henry Bagenal (c. 1556 – 14 August 1598).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | c. 1556 (Féilire Ghréagóra) Contae Lú |
Bás | 14 Lúnasa 1598 41/42 bliana d'aois |
Ball Parlaiminte i bParlaimint Shasana | |
Feisire de Pharlaimint 1586-87 | |
Toghcheantar: Anglesey | |
Faisnéis phearsanta | |
Reiligiún | An Protastúnachas |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Coláiste Íosa, Oxford |
Gníomhaíocht | |
Gairm | polaiteoir |
Tréimhse ama | Glúin an 16ú aois |
Teaghlach | |
Céile | Eleanora Savage (1577 (Féilire Ghréagóra)–) |
Páiste | Anne Bagenal, Eleanor Bagenal, Mary Bagenal, Elizabeth Bagenal, Roger Bagenal, Gryffyth Bagenal, John Bagenal, Arthur Bagenal, Jane Bagenal |
Athair | Nicholas Bagenal agus Eleanora Griffith |
Saol
cuir in eagarB'é an mac ba sine dá cuid Eleanor Griffith, iníon Sir Edward Griffith as Penrhyn. Ba é Dudley Bagenal a dheartháir. Chláraigh Bagenal ó Jesus College, Oxford agus é 16 bliana d'aois (sa bhliain 1572 nó 1573), ach d'fhág sé gan chéim chun dul i bpáirt lena athair, Sir Nicholas, a bhí ina mharascal in Arm na hÉireann. I Mí Bealtaine 1577, ceapadh Sir Nicholas mar phríomhcheannasaí na hUladh, le Bagenal mar a chúntóir. Dheineadh ridire de Bagenal i 1578. Bhí sé páirteach in ana-chuid tubaistí míleata, mar an cliseadh Ghleann Molúra ar an 25ú lá de Mhí Lúnasa i 1580 nuair a chuaigh an Tiarna Grey lena cuid saighdiúraí in aghaidh Fiach mac Aodha Ó Broin agus Viscount Baltinglass i sléibhte Chill Mhantáin. I 1584, bhí Bagenal ina choirnéal an garastúin i gCarraig Fhearghais nuair a tháinig 1,300 Albanach fé smacht Somhairle Buí Mac Domhnaill ar Oileán Reachlainn. D’ionsaigh Bagenal iad ach do dhein na hAlbanaigh ruaig air i nGleann Arma agus bhí air tarraingt siar.[1]
I mBealtaine 1586, cuireadh Bagenal óna athair chun an chúirte tuairisc a thabhairt dóibh. Bhí sé ag iarraidh slí Aodh Ó Néill a lagaigh, níos mó cumhacht don mharascal, agus Uachtarán Uladh a bheith ann. D’fhill sé go hÉireann i Méan Fomhair 1587 ionadaíocht a dhéanamh ar son a athar. Chuaigh sé i gcomharbacht ar a athair mar mharascal arm na hÉireann agus mar phríomhcheannasaí na hUladh i Mí Samhna 1590. D’iarr Ó Néill deirfiúr Bagenal a phósadh. Níor ghlac sé leis, ach d’éalaigh siad in aon chor.[1]
I Mí Bealtaine 1595, agus é i gceannas fórsaí Shasana i Muineachán, d’ionsaigh Ó Néill fórsaí Bagenal agus ba air tarraingt siar go hIúr Cinn Trá. Fuair Banegal bás ag troid in aghaidh fórsaí Uí Néill i gCath Bhéal an Átha Buí.[1]
Teaglach
cuir in eagarPhós sé Eleanor Savage, iníon Sir John Savage agus Elizabeth Manners, iníon Thomas Manners. Bhí triúr mac agus seisear iníonacha acu.
Tagairtí
cuir in eagar- Pollard, Albert Frederick (1901). Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta (1st supplement) (in Béarla). London: Smith, Elder & Co. .
- ↑ 1.0 1.1 1.2 McGurk, J. J. N (2004). "Bagenal, Sir Henry (c.1556–1598)". Foclóir Beathaisnéis Náisiúnta, Oxford (online ed.). Oxford University Press. doi:10.1093/ref:odnb/1034. Aisghafa 17 Lúnasa 2007. (Subscription or UK public library membership required.)
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |