Conghal Ceannmhaghair
Ard-Rí na hÉireann ba ea Conghal Ceannmhaghair[1] (Sean-Ghaeilge Congal Cennmagair) (bás 710). Ba bhall é Conghal de Cenél Conaill d'Uí Néill an Tuaiscirt. Bhí seanathair Chonghail, Domhnall mac Aodha (bás 642), ina Ard-Rí, cé nach raibh a athair, Fergus Fanát.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Éire |
Bás | 710 (Féilire Ghréagóra) Éire |
Ardrí na hÉireann | |
704 – 710 ← Loingseach mac Aonghasa – Fearghal mac Maoil Dúin → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Néill an Tuaiscirt |
Páiste | iníon anaithnid (?) |
Athair | Fergus Fanat (?) |
Tháinig Conghal i gcomharbacht ar a chol ceathrar Loingseach mac Aonghasa, a d'éag i mbun chatha sa bhliain 703. Bhí Conghal i gcoróin mar Ard-Rí ón mbliain from 703 go 710.[3]
Ráthóir ba é Conghal de Cháin Adhamhnáin, comhaontaithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697. Is é an dara ráthóir tuata ar an liosta tar éis Loingsigh, agus glaoitear rí Thír Chonaill dó, cé go bhféadfadh é gur cuireadh an teideal seo leis níos deireanaí.[5]
Le réimis Loingsigh agus Conghail bhí buaicphointe Cenél Conaill, i ndiaidh sin urraithe ag a ngaol comhraic, Cenél nEógain. Is amhlaidh go ndearna an bheirt acu iarrachtaí tailte na gConnacht a ghabháil, le torthaí éagsúla. D'éag Loingseach dá bharr, cé gur bhain Conghal cáil amach nuair a chloígh sé fíor na gConnacht sa bhliain 707 agus maraíodh a rí, Indreachtach mac Dúnchadha.[6] Ní raibh Conghal féin ann ach bhí Fearghal mac Loingsigh an ar an bhfód.
An bhliain chéanna, chuaigh Conghal féin ar feachtas sna Laighin.[7] Insítear i bhForas Feasa ar Éirinn le Seathrún Céitinn gur dóigh sé cill Dara, ag tabhairt le tuiscint gurbh é sin cúis a bháis.[8]
D'éag Conghal féin go tobann sa bhliain 710. De réir ghluais i nAnnála Uladh, tharla sin de bharr taoma.[9] Mhair roinnt mac ina dhiaidh, duine ar bith dóibh i ndáiríre iomráiteach, ina measc: Flann Gohan (bás 732) agus Conaing (died 733), maraithe i mbun chogaidh idir Cenél Conaill agus Cineál nEógain; agus Donnghal (bás 731).[10] Tháinig tuaisceartach eile i gcomharbacht air mar Ard-Rí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Cenél nEógain.
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, Part 1 (431–1201), G100001A
- Seathrún Céitinn, Foras Feasa ar Éirinn, G100054
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
- "Oxford Dictionary of National Biography," (2004).
- Meyer, Kuno (1905). "Cain Adamnain: An Old-Irish Treatise on the Law of Adamnan". Oxford. Clarendon Press. Dáta rochtana: 23ú Márta 2008.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ maghar, mion-iasc, ar teanglann.ie
- ↑ Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 4
- ↑ Tugtar réimeas sé bliana do i Sioncronachtaí Laud , ach 8 mbliana Leabhar Laighneach of Leinster agus Rawlinson Genealogies
- ↑ Féach Seán Duffy (eag.), Atlas of Irish History, ll. 18–19.
- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 539
- ↑ Annála Uladh, AU 707.2
- ↑ AU 707.7
- ↑ Seathrún Céitinn's Foras Feasa ar Éirinn, Leabhar II, lch. 143
- ↑ AU 710.3
- ↑ AU 732.10, 733.3