Murchad Midi

rí Éireannach

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt ba ea Murchadh na Mí mac Diarmada (Sean-Ghaeilge Murchad Midi mac Diarmato) (died 715). Tháinig sé i réim i gcomharbacht ar a athair, Diarmait Dian sa bhliain 689.[1][2]

Infotaula de personaMurchad Midi
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás715
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDomhnall mac Murchadha Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDiarmaid Dian
Éire san 8ú haois. Tá Uisneach suite faoina focail "Southern Uí Néill".

Beatha cuir in eagar

Measadh gurbh fhíor-lár na tíre é Cnoc Uisnigh. Bhíodh Clann Cholmáin de shliocht Colmáin Mór mac Dhiarmada mhic Cearbhaill, i gceannas ann. Sa 7ú haois, bhíodh a ngaoil comhraic, Síol Aodha Sláine as Áth Cliath agus an Mí, ina bpríomhchlann i measc Uí Néill an Deiscirt. Roghnaítí an Ard-ríogacht eatarthu agus a ngaoil tuaisceartach, Cineál Chonaill.[3][4]

Bhí Murchadh ina ráthóir Cháin Adhamhnáin socraithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697.[5] Seachas sin, is beag tuairiscí atá le fáil faoi Murchadha sna hannála Éireann. Mharaigh a dheartháir, Bodbchad sa bhliain 704 i gCath Claenath gar de Chlaonadh, Contae Chill Dara, ag troid in éineacht le Fógartach mac Néill in éadan, Cheallaigh Chualann, rí Laigean.[6][7]

Sa bhliain 714, tharla Cath Bile Tened gar de Maigh nEalta idir Clann Cholmáin, faoi cheannas Murchadha, agus Síol Aodha Sláine. Maraíodh deartháireacha Murchadha, Aodh agus Colga, sa chéad bhabhta. Maraíodh Fhan Aodha, rí Fir Cúl Bhreá de Síol Dlúthaigh, sa dara babhta.[8][9][10] Sean-achrann a bhí ann. Bhí Diarmaid athair Murchadha maraithe ag Aodh athair Flainn sa bhliain 689.[11] Ar an lá céanna, bhuaigh fir na Mí in éadan mhuintir Uí Fhailí agus mharaigh a rí, Forbasach ó Conghaile.[12]

Go gairid i ndiaidh sin, cuireadh an ruaig ar thaoiseach Shíol Aodha Sláine, Fógartach mac Néill, agus cúrsaí go dtí an Bhreatain".[13][14][15] Dar le roinnt foinsí nua deireanaí, chuir an tArdrí Fearghal mac Maoil Dúin amach é. Dar le roinnt eile, bhí sé féin ina Ardrí. Is amhlaidh ámh gurbh é Murchadh a chuir Fógartach as a choróin.[16]

Bás cuir in eagar

Maraíodh Murchadh sa bhliain 715 ag uncail Fógartaigh, Conall Grant. Tugtar an teideal neamhghnách "rí Uí Néill" dó i nAnnála Uladh agus i nAnnála Tiarnaigh.[17][18] Is dócha go dtagann an teideal úd le "rí an Tuaiscirt" a thugtaí do Ríthe Uí Néill an Tuaiscirt mar áiríodh mar ardríthe, agus go gcuireann seo uile in úil go raibh Murchadh ina ionadaí an Ardrí, Fearghal, a deisceart.[19][20]

Clann cuir in eagar

Bhí beirt mhac ar a laghad ag Murchadh: Domhnall na Mí, Ardrí; agus Cairbre, a fuair bás sa bhliain 749. D'fhéadfadh é gurbh é Breasal, maraithe sa bhliain 764, mac eile leis. Rinneadh rí Uisnigh de Domhnall, ach tháinig Fógartach ar ais ón mBreatain sa bhliain 716 agus is léir gur phríomhrí Uí Néill an Deiscirt ba ea é.[21][22]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (1973), Irish Kings and High-Kings, London: Batsford, ISBN 0-7134-5882-8
  • Charles-Edwards, T. M., Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Charles-Edwards, T.M. (2004), "Domnall mac Murchada (d. 763)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 25 October 2007
  • Irwin, Philip (2004), "Fogartach mac Néill (d. 724)", Oxford Dictionary of National Biography, Oxford: Oxford University Press, aisghafa 25 October 2007
  • Meyer, Kuno (1905), Cain Adamnain: An Old-Irish Treatise on the Law of Adamnan, Oxford: Clarendon Press, aisghafa 23 March 2008

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 604.
  2. Laurence Maney, Rebuke and Revision in the Early Irish Annals: The Death-Notices of Muirchertach mac Ercae [†534] and Finsnechta mac Cellaig [†808], Proceedings of the Harvard Celtic Colloquium, Iml. 20/21 (2000/2001), ll. 64-85, Department of Celtic Languages & Literatures, Harvard University, [1].
  3. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 15–36
  4. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 502, table 12.6; Byrne, Irish Kings and High Kings, ll. 275–277.
  5. Meyer, Cain Adamnain.
  6. Irwin, "Fogartach"
  7. Annála Uladh, AU 704.4.
  8. Irwin, "Fogartach"
  9. AU 714.1
  10. Annála Tiarnaigh, AT 714.1.
  11. AU 689.3
  12. 'AU 714.5
  13. Irwin, "Fogartach"
  14. AU
  15. AT 714.4.
  16. Irwin, "Fogartach".
  17. AU 715.2, "Iugulatio Murchadho m. Dermato ... regis Nepotum Neill"
  18. AT 715.3, "Guín Murchadha, maic Diarmata m. Airmedaig Caich, ríg h-Ua Neill".
  19. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 479–480 & 572
  20. Charles-Edwards, "Domnall".
  21. Irwin, "Fogartach"
  22. Byrne, Irish Kings and High Kings, lch. 282; Charles-Edwards, Early Christian Ireland, ll. 594 & 604.

Tagairtí cuir in eagar