Aodh mac Dlúthaigh
Rí Fir Cúl, fo-ríocht Bhreá, de shliocht Síol Dlúthaigh de Shíol Aodha Sláine, ba ea Aodh mac Dlúthaigh (Sean-Ghaeilge Áed mac Dlúthaig) (bás 701). Ailill Cruitire mac Áedo Sláine (bás 634), iar-rí Bhreá, ba ea a sheanathair.[1]
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 7 haois |
Bás | 701 (Féilire Ghréagóra) |
Ríthe Bhreá | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Flann mac Aodha |
Athair | Dlúthach mac Ailill Cruitire |
Beatha
cuir in eagarLe linn a shaoil, bhí achrann ar leith idir Síol Dlúthaigh agus muintir Uí Chonaing as Cnóbha agus iad in iomaíocht le Síol Aodha Sláine, Uí Chearnaigh as Loch Gabhair san áireamh.
Bhí Aodh rannpháirt in dhá dhúnmharú. Sa bhliain 689, mharaigh sé Diarmaid Dian mac Airmeataigh Chaoich, rí Uisnigh de Chlann Cholmáin.[2] Sean-achrann a bhí ann. Bhí seanathair Aodha, Ailill Cruitire (bás 634), maraithe ag seanathair Dhiarmada, Conall Guthbhinn (bás 635).[3][4]
Agus sa bhliain 695, bhí Aodh agus Conghalach mac Conaing Choirre (bás 696) Uí Chonaing ciontach i mbás an Ardrí, Fíonsneachta Fleách, agus a mhic Breasal, ag Grellaigh Dollaith.[5][6] De réir Annála Tiarnaigh, tharla seo i rith chatha, ach insítear i nAnnála Easpacha na hÉireann gur maraíodh Fíonsneachta ina phobal.[7]
Feictear Aodh mar ráthóir Cháin Adhamhnáin le Naomh Adhamhnán, socraithe ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697.[8]
Clann
cuir in eagarI measc a mhac, bhí a leanas:
- Cú Raoi (Cú Raí) (bás 711), maraithe i gCath Sliab Fúait in éadan an Ardrí, Fearghal mac Maoil Dúin (bás 722) de Chineál Eoghain.[9]
- Flann (bás 714), maraithe i gCath Bile Tened in éadan Murchadha na Mí (bás 715) as Uisneach.[10]
- Gormghal (bás 718), maraithe i gCath Cheanannais in éadan Chonaill Ghraint (bás 718) Uí Chearnaigh.[11]
Foinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
- ↑ Annála Tiarnaigh, AT 689.3
- ↑ Annála Uladh, AU 634.1
- ↑ AT 637.1
- ↑ AU 695.1
- ↑ AT 695.1
- ↑ Annála Easpacha na hÉireann, AE 124
- ↑ Charles-Edwards, lch. 603
- ↑ AT 711.2
- ↑ AT 714.1
- ↑ AU 718.3