Is conradh dlí é Cáin Adhamhnáin (Sean-Ghaeilge Cáin Adomnáin), aitheanta fosta mar Lex Innocentium (dlí na ndaoine neamhchiontacha) um mná agus neamhthrodaí a chosaint in aimsir chogaidh. Glaoitear "Comhaontuithe na Ginéive" na nGael ársa air as ucht na cosanta seo, ag leathnú go sibhialtaigh Cáin Phádraig, a thug cosaint do mhanaigh. Ainmníodh é as an té a spreag é, Naomh Adhamhnán, naoú Abb Í Cholm Cille i ndiaidh Naomh Cholm Cille féin. Cuireadh i bhfeidhm é ag tionól Gael, Dál Riada and Cruithneach ag Sionad Bhiorra sa bhliain 697. Spreag Adhamhnán an sionad tar éis aislinge inar thug a mháthair íde béil dó faoina theip mná agus linbh na hÉireann a chosaint.

Idir na blianta 697 agus 887, cuireadh naoi gcáin éagsúla i bhfeidhm taifeadta sna hannála Éireann. Caomhnaítear an téacs de thrí dóibh, Cáin Adhamhnáin ina measc.[1]

Dar le D.N. Dumville, meastar gur mhol Adhamhnáin an cháin seo sa bhliain 697 um bhás Cholm Cille a cheiliúradh.[2] Mar chomharba Cholm Cille, bhí dóthain gradaim ag Adhamhnán chun an tionól a shocrú ag Biorra le 91 taoiseach agus eaglaiseach as Éirinn, Dál Riada agus na Cruithnigh i láthair.[3] Le cois an mhainistir shuntasach ann, bhí Biorra ar thalamh sách neodrach gar den teorainn idir Uí Néill ó thuaidh agus ríthe na Mumhan ó dheas.

Meastar go raibh cúiseanna éagsúla eile ann chun Adhamhnán a spreagadh, san áireamh deabhóid Mhuire[2] agus dea-shampla Cholm Cille féin.[4] Aitheanta ar dtús mar Lex Innocentium, ainmníodh í as Adhamhnán agus í á athnuachan sa bhliain 727.[5]


Oidhreacht

cuir in eagar

Is amhlaidh go raibh tionscnamh Adhamhnáin ar cheann den chéad iarrachtaí i measc Chríostaithe chun brúidiúlacht cogaidh a laghdú, gaisce suntasach do dhuine ar imeall iargúlta na hEorpach. Thug sé sampla áitiúil, i gcomhthéacs nósanna dlí na nGael, do ghluaiseacht Chríostaí níos leithne chun foréigean a chosc.[6] Sampla de dhlí idirnáisiúnta atá ann, curtha i bhfeidhm in Éirinn agus in Albain.[2]

Maraon le hiarrachtaí eile amhail is Síocháin agus Sos Dé sa Fhrainc mhílaoiseach, b'fhéidir é nach raibh ach éifeachtacht teoranta ag an gCáin. Tugann Fergus Kelly faoi ndeara nach bhfuil cás ar bith caomhnaithe maidir leis.[7] Ní fios dá bharr ar cuireadh a chuid pionós crua i bhfeidhm, in aghaidh éirim an tSeanchais Mhóir mar a bhí.[8]

Féach freisin

cuir in eagar
  • Adomnán's Law of the Innocents - Cáin Adomnáin: A seventh-century law for the protection of non-combatants, aistr. Gilbert Márkus. Kilmartin, Argyll: Kilmartin House Museum, 2008. ISBN 978-0-9533674-3-6
  • Adomnán of Iona, Life of St Columba, eag. & aistr. Richard Sharpe. Londain: Penguin, 1995. ISBN 0-14-044462-9
  • Adomnán at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents. Eag. Thomas O'Loughlin. (Baile Átha Cliath: Four Courts Press. 2001)

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Máirín Ní Dhonnchadha, The guarantor list of Cáin Adomnáin, 697, ll. 178-215, Brepols Online.
  2. 2.0 2.1 2.2 Dumville, D.N., "Review" of O'Loughlin's Adomnan at Birr, AD 697: Essays in Commemoration of the Law of the Innocents in Catholic Historical Review, ll. 283-284, Imleabhar 89, Uimhir 2a Aibreán 2003
  3. ""Cain Adomnan"". Birr Historical Society. Dáta rochtana: 2014-08-02.
  4. cf. Adomnán, Life, II, 24 agus II, 25.
  5. Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland, lch. 560, Cambridge University Press, 2000 ISBN 9780521363952
  6. "Adomnán's Law of the Innocents" Curtha i gcartlann 2015-07-08 ar an Wayback Machine, Travels in Time
  7. Kelly, lch. 79.
  8. Kelly, ll.234–235: "the law texts of the Senchas Már collection consistently favour reparation by payment rather than the death penalty, for murder and other serious offences."