Diarmaid Dian

rí in Éirinn sa 7ú haois

Rí Uisnigh de Chlann Cholmáin, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Diarmaid Dian mac Airmeataigh (Sean-Ghaeilge Diarmait Dian mac Airmetaig, nó Diarmait Guthbinn[1]) (bás 689). Conall Guthbinn mac Suibhne (bás 635), iar-rí, ba ea a sheanathair.[2][3] Maraíodh a athair Airmeatach Caoch[4] ag Cath Mag Rath sa bhliain 637.[5] Bhí Diarmaid i gcoróin ón mbliain 653 go dtí 689.[6]

Infotaula de personaDiarmaid Dian
Beathaisnéis
Bás689 (Féilire Ghréagóra)
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMurchad Midi Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAirmetach Cáech (?)

Tháinig an t-achrann idir Clann Cholmáin agus Saol Aodha Sláine go luath sa seachtú haois chun críche nuair a bhain Síol Aodha an lámh in uachtar amach. Bhí siadsan ansin i gceannas mar Ardríthe le linn dara leath na 7ú haoise. Thosaigh achrann cathartha eatarthu siúd áfach, agus tarraingíodh Clann Cholmain ann chomh maith. Sa bhliain 662, maraíodh Faolchú mac Maoil Umha de Chlann Cholmáin Bhig ag Cath Ogamain, ag tús ar son Chonaing Choirre mhic Conghaile agus Blathmhaic mhic Aodha Sláine (bás 665) in éadan lucht leanúna Dhiarmada mhic Aodha Sláine (bás 665).[7][8]

Maraíodh Diarmaid féin sa bhliain 689 mar thoradh seanachrainn ag Aodh mac Dlúthaigh (bás 701) d'Fhir Chúl Bhreá. Bhí seanathair Aodha, grandfather Ailill Cruitire mac Áedo Sláine, maraithe i mbun chatha ag seanathair Dhiarmada, Conall Guthbhinn sa bhliain 634.[9][10] Dar leis an Leabhar Laighneach, mharaigh Conall Guthbhinn ag an Ardrí Fíonsneachta Fleách mac Dúnchadha (bás 695) as Breá.[11]

I measc mhac Dhiarmada, bhí a leanas:

Ardrí Éireann ba ea garmhac Dhiarmada, Domhnall ba Mí mac Murchadha (bás 763).[18]

Féach freisin cuir in eagar

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Hogan, SJ, Edmund (1910), Onomasticon Goedelicum: An Index to Irish Names of Places and Tribes (locorum et tribuum Hiberniae et Scotiae), Corcaigh, Éire: Documents of Ireland, University College Cork. [1]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 763.1
  2. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 3
  3. AU 763.1
  4. AU 763.1
  5. Charles-Edwards, lch. 495
  6. Tugtar réimeas 33 bliain dó sa Leabhar Laighneach, agus 37 bliain i Sioncronachtaí Laud
  7. AU 662.2
  8. Annála Tiarnaigh, AT 662.4
  9. AU 689.3,AU 634.1
  10. AT 689.3,AT 637.1
  11. Leabhar Laighneach, Rig Uisnig
  12. AU 715.2
  13. AT 714.1
  14. (Mag) sinerthuin, Onomasticon Goedelicum
  15. AT 714.1
  16. AU 704.4
  17. Claenad, Onomasticon Goedelicum
  18. Charles-Edwards, Aguisín III