Fógartach mac Néill

Ard-Rí na hÉireann

Rí Bhreá agus Ard-Rí na hÉireann ba ea Fógartach mac Néill (bás 724), ar a glaodh air scaití Fógartach Ó Cearnaigh. Ba bhall é de chlann Uí Chearnaigh de Síl nÁedo Sláine d'Uí Néill an Deiscirt. Niall mac Cernaig Sotal (bás 701) ba ea a athair, agus Diarmait mac Áedo Sláine (bás 665), Ard-Rí, a shin-seanathair.[1]

Infotaula de personaFógartach mac Néill
Beathaisnéis
Breith7 haois
Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Bás724

Éire Cuir in eagar ar Wikidata
Ardrí na hÉireann
722 – 724
← Fearghal mac Maoil DúinCináed mac Írgalaig → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachSíol Aodha Sláine Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteCearnach mac Fógartaigh, Cairbre mac Fógartaigh, Fergus mac Fogartaig Cuir in eagar ar Wikidata
AthairNiall mac Cearnaigh Sotal
SiblínCathal mac Néill

Rí Bhreá

cuir in eagar

Is amhlaidh gurbh ionann Fógartach agus an té "Focortoch" a shínigh mar ráthóir Cáin Adomnáin ag Biorra sa bhliain 697.[2] Feictear é sin chéad uair sna hannála Éireann agus é ag teitheadh ó láthair an chatha ag Claonadh sa bhliain 704, tar éis bua Cellach Cualann (bás 715), rí na Laigean in éadan roinnt ríthe number Uí Néill an Deiscirt.[3]

Sa bhliain 714, cuireadh Fógartach as a choróin mar rí Bhreá agus d'imigh sé ar deoraíocht chuig an mBreatain.[4] Moladh é go ndearna an tArd-Rí, Fergal mac Máele Dúin (bás 722), é seo. Is níos dóichí é ámh gur thoradh é de coimhlint i measc Shíol Aodha Sláine, agus gur chuir a uncail Conall Grant (bás 718) an ruaig air, le cuidiú Murchad Midi (bás 715) de Chlann Cholmáin. Mharaigh Conall Murchadh an bhliain dár gcionn agus d'fhill Fógartach ar ais sa bhliain 716.[5]

Bhí Fógartach ina chúis achrainn éigin sa bhliain 717 ag Aonach Tailtean, air a mharaigh "mac Ruba agus mac Dubh Sléibhe", ach tá easpa comhthéacs sna hannála chun an scéal a mhíniú.[6] An bhliain dár gcionn, bhuaigh Conall ag Ceanannas in éadan chomhaontas ríthe Uí Néill an Deiscirt, ach mharaigh []Fearghal mac Maoil Dúin]] níos deireanaí sa bhliain úd.[7]

Go luath sna 720idí, bhí tailte Fhógartaigh á n-ionsaí ag ríthe na Laigean agus Cathal mac Finguine, rí na Mumhan.[8] Rinne Fearghal mac Maoil Dúin mar dhíoltas feachtais in éadan na Laigean, ach mharaigh fir na Laighean é ag Cath Alúine, ar an 11ú Nollaig 722.[9][10] Mharaigh a dheartháir Aodh Laigean sa chath seo.[11]

Tháinig Fógartach i gcomharbacht ar Fhearghal mar Ard-Rí, ach ag Cath Cheann Deilgden, mharaigh a ghaol i bhfad amach uaidh agus a chomharba, Cináed mac Írgalaig d'Uí Chonaing as Breá Thuaidh.[12] Ba shean-aighneas é seo; mharaigh athair Cináeda athair Fógartach sa bhliain 701.[13] Ní luaitear é mar Ard-Rí ina thásc i nAnnála Uladh.

Sliochtaigh

cuir in eagar

I measc a mhac (agus a gharmhac) tá a leanas:

Bhíodh a shliochtaigh (príomhshliocht Uí Chearnaigh lonnaithe ag Loch Gabhar) agus sliochtaigh a uncail Conall Grant (Síol Chonaill Graint lonnaithe ag Calatroim) in achrann a chéile i gcomhair cheannas Bhreá Theas.[19]

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T.M., Early Christian Ireland. Cambridge University Press, Cambridge, 2000. ISBN 0-521-36395-0
  • Irwin, Philip (2004). "Fogartach mac Néill (d. 724)". Oxford Dictionary of National Biography.
  1. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín III
  2. Charles-Edwards, lch. 603
  3. Annála Uladh, AU 704.4
  4. AU 714.4
  5. Annála Tiarnaigh, AT 715.3, 716.2
  6. AU 717.6
  7. AU 718.3
  8. AU 721.6
  9. AU 722.8
  10. AT 722.7, 722.8
  11. Maíonn Annála Uladh gurbh Aodh Laigean mac Fithcheallaigh, rí Uí Mhaine é seo; maíonn Annála Tiarnaigh Aodh Laighean Ó Cearnaigh
  12. AU 724.3
  13. AU 701.11
  14. AU 716.7
  15. AU 770.9
  16. AU 738.3
  17. AU 751.2
  18. AU 771.4
  19. Charles-Edwards, lch. 572.