Fergus mac Fogartaig
Rí Dheisceart Bhreá
Rí Dheisceart Bhreá de chlann Uí Chearnaigh as Loch Gabhair, de rítheaghlach Shíol Aodha Sláine, géag d'Uí Néill an Deiscirt, ba ea Fearghas mac Fógartaigh (Sean-Ghaeilge Fergus mac Fogartaig) (bás 751) (nó Fearghal). An tArdrí, Fógartach mac Néill (bás 724), ba ea a athair.[1] Bhí sé i réim ón mbliain 738 go dtí 751.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 751 |
Ríthe Bhreá | |
Teaghlach | |
Páiste | Ailill mac Fergusa, Cernach mac Fergusa, Máel Dúin mac Fergusa |
Athair | Fógartach mac Néill |
Ní fheictear sna hannála tuairisc ar bith maidir le Fearghas, ach amháin a thásc. Feictear ámh go suntasach i nAnnála Uladh go n-úsáidtear an teideal [rí] Deisceird Breg don chéad.[2]
I measc a mhac, bhí: Maol Dúin (bás 785) agus Cearnach (bás 805), ríthe Loch Gabhair beirt; chomh maith le hAilill (bás 800), rí Dheisceart Bhreá.
Féach freisin
cuir in eagarFoinsí
cuir in eagar- Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Annála Uladh
- Leabhar Laighneach, Flann Mainistreach: Síl Aeda Sláne Na Sleg
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, Aguisín II
- ↑ Annála Uladh, AU 751.2