Laoghcheann mac Con Mealla
Rí Uí Chinnsealaigh de Síol Maoluír as deisceart na Laigean ba ea Laoghcheann mac Con Mealla (Sean-Ghaeilge Laidcnén[1] mac Con Mella) (bás 727).
Laoghcheann mac Con Mealla | |
---|---|
Saol | |
Bás | 727 |
Muintir | |
Siblíní | liosta iomláin |
Treibh | Uí Chinnsealaigh |
Gairm |
Éogan Cáech mac Nath Í, beo sa 6ú haois cúig ghlúin roimhe féin, ba ea a shinsear deireanach a bhí ina rí Uí Chinnsealaigh. Fionnó Mhaoil Uidhre mhic Guaire, sinsear eapainmneach a mhuintir, ba ea Laoghcheann.[2]
Dar leis na ríliostaí le fáil sa Leabhar Laighneach, tháinig Laoghcheann i gcomharbacht ar a dheartháir, Cú Chongheilt, agus go raibh réimeas deich mbliana aige.[3] Más fíor, bhí sé i réim ón mbliain 717 go dtí 727. Molann an staraí Mac Niocaill, ámh, gurbh ionann a dheartháir agus Cú Chongelt éigin luaite i tásc i nAnnála Uladh don bhliain 724.[4]
Chloígh a chéile comhraic as tuaisceart Laigean, Dúnchadh mac Murchadha (bás 728) Uí Dhúnlainge, ag Cath Mhaistean sa bhliain 727 agus maraíodh ann é.[5]
FoinsíCuir in Eagar
- Corpus of Electronic Texts
- Annála Uladh, G100001A
- Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig, G800011A
- Gearoid Mac Niocaill (1972), Ireland before the Vikings, Baile Átha Cliath: Gill and Macmillan
Naisc sheachtrachaCuir in Eagar
TagairtíCuir in Eagar
- ↑ ladg, laogh, sneachta, ar eDIL
- ↑ Mac Niocaill, lch. 83, fig. 12; lch. 128, fig. 22 do ghinealach
- ↑ Leabhar Laighneach, Rig Hua Cendselaig
- ↑ Annála Uladh, AU 724.2
- ↑ AU 727.6