Ruairí mac Faoláin

rí na Laigean
(Athsheolta ó Ruaidrí mac Fáeláin)

Rí na Laighean de rítheaghlach Uí Dhúnlainge ba ea Ruairí mac Faoláin (Sean-Ghaeilge Ruaidrí mac Fáeláin) (bás 785). Faolán mac Murchadha (bás 738), iar-rí, ba ea a athair.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 776 go dtí 785.

Infotaula de personaRuairí mac Faoláin
Beathaisnéis
Breith8 haois
Bás785
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachUí Fhaoláin Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteMuiredach mac Ruadrach Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFáelán mac Murchado

Sa bhliain 770, ghéill na Laigin sin Ardrí, Donnchadh Mí (bás 797) de Chlann Cholmáin. Sa bhliain 777, chuaigh sé in éadan Síol Aodha Sláine as Breá le slua mór na Laigean.[2]

Dhá bhliain níos deireanaí, rinne Donnchadh feachtas in éadan Laighen arís. Cloíodh Ruairí agus rí Uí Chinnsealaigh, Cairbre mac Laoghchinn, ag Cath Óchtar Ocha (Cill Choca, gar do Chill Dara). Chuaigh Donnchadh ar a dtóir agus scrios agus sigh sé a gcuid tailte agus eaglaisí.[3] Insítear i nAnnála Uladh faoin eachtra seo:

Sluaigh mair ...
croo do-snegat srota,[4]
sluagh d'allas Lipe,
coscrad Ochtair Ocha.

Slua mór ...
cró/fola do nigh féin sruth.
slua as Life
coscairt Óchtair Ocha.

Bhriste é go ndearnadh Donnchadh an feachtas seo chun tacaíocht a thabhairt dá mhac céile, Bran Ardcheann mac Muireadaigh (bás 795), céile comhraic Ruairí.[5]

An bhliain chéanna, eagraíodh tionól idir Uí Néill agus na Laigin ag Teamhraigh and cuireadh síocháin ar ais i bhfeidhm.[6] An bhliain dár gcionn áfach, tharla cogadh arís ar theorainn Bhreá. Tharla Cath na Rig agus maraíodh rí Uí Gharrchon, Cú Chongelt.[7]

Sa bhliain 782, tharla cogadh idir Ruairí agus a chéile comhraic, Bran. Cloíodh Bran agus gabhadh é ag Cath an Churraigh. Maraíodh comhghuaillithe Bhrains, Mugrón mac Flainn, rí Uí Fhailí, agus Dubh dhá Chríoch mac Laoghchinn Uí Chinnsealaigh.[8]

I measc a mac, bhí: Muireadach (bás 829), rí Laigin; agus Diarmaid (bás 832), rí Oirthir Life agus sinsear ríthe Uí Fhaoláin.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 9
  2. Annála Uladh, AU 777.3
  3. AU 780.7
  4. do-snig ar eDIL
  5. T.M. Charles-Edwards, Early Christian Ireland, lch. 578
  6. AU 780.12
  7. AU 781.4
  8. AU 782.3