Cill Choca

baile i gContae Chill Dara

Is baile beag í Cill Choca[1] atá suite i dtuaisceart Chontae Chill Dara laisteas den Rí, abhainn atá ina teorainn idir Contae Chill Dara agus Contae na Mí. Is gearr an t-achar idir Cill Choca agus Baile Átha Cliath, agus téann go leor oibrithe abhaile chuici. 6,093 daoine atá ina gcónaí i gCill Choca (maidir le daonáireamh 2016).[2] Tá sí suite cois na Canála Ríoga.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilCill Choca

Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
Map
 53°23′42″N 6°40′44″W / 53.395°N 6.679°W / 53.395; -6.679
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae in ÉirinnContae Chill Dara Cuir in eagar ar Wikidata
Daonra
Iomlán6,093 (2016) Cuir in eagar ar Wikidata
Tíreolaíocht
Airde61 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie1416487
Suíomh gréasáinourkilcock.ie Cuir in eagar ar Wikidata

Stair cuir in eagar

Deirtear gur bhunaigh Naomh Coca, eaglais cois abhainn an Rí sa 6ú haois in aice tobair a bhí tábhacht págánach ag baint leis.[3] Ar 6 Iúil atá féile Naoimh Choca[3][4][5], ach is beag cuimhne thraidisiúnta a bhí uirthi: nuair a bhí Suirbhéireacht Ordanáis Éireann ar siúl sa cheantar sa bhliain 1837 dúradh mar a leanas:

there is no old church in ruins in this parish nor is any patron saint or day remembered ... the meaning of the name Cille Choc is not remembered

Tá cuntas, mar sin féin, ar chath idir ríthe san 8ú haois láimh le heaglais Naomh Coca, agus í suite ansin i gCairbre. Luaitear Cill Choca arís sa bhliain 1302, nuair ba le hOspidéal Naomh Eoin Iarúisailéim i gCill Mhaighneann í.

Tógadh séipéal nua paróiste sa bhliain 1867 ar £10,000, agus do Naomh Choca a tíolacadh é.[5] Mar a dúirt na suirbhéirí Ordanáis, níl fothraigh féin an tseanteampaill le fáil anois.

 
Radharc an bhaile

Iarnród cuir in eagar

Tháinig an t-iarnród sa bhliain 1847[3] ach dhún an stáisiún arís ar 1 Iúil 1848, agus cúis leis: é a bheith suite ar ardú 1 ar 100, grádán ar dheacair leis na hinnill ghaile é a shárú. Bhí an stáisiún seo beagán lastoir den stáisiún atá anois ann. D'oscail stáisiún nua laistiar den bhaile sa bhliain 1850 ach dhún sé sa bhliain 1963; cuireadh stáisiún eile ar bun sa bhliain 1998. Tá Cill Choca suite ar an iarnród idir Baile Átha Cliath agus Sligeach.

 
Bóithre iarainn na hÉireann

Bóithre cuir in eagar

Seachnaíonn an mótarbhealach M4 Cill Choca ar an taobh theas, agus táthar ag brath ar mhótarbhealach a thógáil a rachadh ó Nás go Droichead Átha trí Chill Choca.[6]

Ferme Ornée cuir in eagar

Cruthaíodh Larchill mar ferme ornée san 18ú haois, agus tá sé ar an ngairdín is iomláine den chineál sin san Eoraip.[7] Tá siúlóidí ann faoi scáth na bhfáibhilí idir bréagáin chlasaiceacha agus ghotacha; tá loch ann agus dhá bhréagán ar oileáin ann, gairdín foirmiúil faoi bhalla agus túr sliogán ann, agus clós feirme gotach.

Tagairtí cuir in eagar

  1. Cill Choca/Kilcock | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
  2. "Census 2016 Sapmap Area: Settlements Kilcock". Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann (2016). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2018-01-13. Dáta rochtana: 2018-04-28.
  3. 3.0 3.1 3.2 "A Brief History of Kilcock". Kildare Federation of Local History Groups.
  4. Seamus Cullen (2001). "St Coca’s Well, Kilcock".
  5. 5.0 5.1 "KILCOCK, PARISH OF - Comerford's "Dioceses of Kildare and Leighlin"". kildare.ie.
  6. Donal Buckley (12 Márta 2008). "M50 and outer orbital lands are in demand". Irish Independent.
  7. "18th Century Ferme Ornée". larchill.ie.