Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann
Is gníomhaireacht rialtais í Príomh-Oifig Staidrimh na hÉireann atá freagrach as an daonáireamh náisiúnta i bPoblacht na hÉireann. Ina theannta sin bailíonn sí a lán staidrimh eile chun cabhair a thabhairt don rialtas. Chuir an tAcht Staidrimh 1993 an ghníomhaireacht go hoifigiúil i mbun, chun an uimhir oifigí a bhfuil staidrimh á bhailiú acu a laghdú. Tá an oifig freagrach don Taoiseach, agus tá a ceanncheathrú suite i gCorcaigh.
Sonraí | |
---|---|
Cineál | seirbhís staitistiúil |
Teanga oifigiúil | an Ghaeilge agus Béarla |
Stair | |
Dáta a bunaíodh | 1 Meitheamh 1949 |
Gníomhaíocht | |
Limistéar oibriúcháin | Éire |
Ball de | International Statistical Institute (en) |
Rialachas corparáideach | |
Ceanncheathrú | |
Cuid de | Córas Staidrimh na hÉireann Córas Staidrimh na hEorpa |
Suíomh gréasáin | https://www.cso.ie/ |
Stair
cuir in eagarTá stair fhada ag staitisticí na hÉireann. Cuireadh tús sa chéad leath den 19ú haois le staitisticí a choinneáil, mar shampla:
- Daonáireamh cuimsitheach deichbhliantúil ó 1841;
- Daonáireamh Talmhaíochta bliantúil ó 1849;
- Staitisticí pósta ó 1845;
- Staitisticí breitheanna agus básanna ó 1864.
Tar éis bhunadh Saorstát na hÉireann i 1922, bunaíodh Brainse Staitisticí sa Roinn nua Tionscail agus Tráchtála trí chónascadh ar na brainsi seo:
- Brainse Staitisticí agus Intleachta a bhí ann ó 1900 in Iar-Roinn Tionscail agus Treoir Theicniúil na hÉireann;
- Brainse Staitisticí agus Faisnéise (bunaithe i 1919) de Roinn na hÉireann den Aireacht Saothair i Londain.
Bhí an Brainse Staitisticí seo freagrach as formhór staitisticí oifigiúla na hÉireann a chur le chéile suas go Meitheamh 1949 nuair a aistríodh é go dtí an Príomh-Oifig Staidrimh (ar a dtugtar an CSO de ghnáth as Béarla) agus bunaíodh mar oifig ar leith í. Bhí an Oifig nua seo lonnaithe i Roinn an Taoisigh le neamhspleáchas na seirbhíse staitisticí a chinntiú.