An Sráidbhaile, Contae Laoise
baile agus baile fearainn i gContae Laoise
Is baile é an Sráidbhaile[1] (Béarla: Stradbally) i gContae Laoise, in Éirinn. Tá sé lonnaithe ar an mbóthar N80 thart ar 12 chiliméadar (7 míle) ó Phort Laoise. Tá Halla an tSráidbhaile, an teach mór, lonnaithe ar an mbaile. Is ann a bhíonn taispeántas bliantúil d'innill galoibrithe agus an fhéile cheoil sin an Phicnic Leictreach. Tá timpeall is 1,500 duine ina gcónaí ann.
An Sráidbhaile, Contae Laoise | ||||
---|---|---|---|---|
An Sráidbhaile (ga) | ||||
Suíomh | ||||
| ||||
Stát ceannasach | Éire | |||
Cúige Éireannach | Cúige Laighean | |||
Contae in Éirinn | Contae Laoise | |||
Tíreolaíocht | ||||
Airde | 80 m | |||
Aitheantóir tuairisciúil | ||||
Lonnaithe i gcrios ama | ||||
Logainm.ie | 28232 |
Creideamh
cuir in eagar- Séipéal Caitliceach an Chroí Rónaofa. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é agus críochnaíodh é sa bhliain 1896. Tá sé i bhfoirm croise agus deartha ag William Hague.
- Séipéal Naomh Pádraig, Eaglais na hÉireann. Tógadh i stíl na hAthbheochana Gotaí é sa bhliain 1764 agus túr aige. Athchóiríodh é thart ar an mbliain 1880, agus cuireadh póirse, saingeal agus beistrí leis.
- Teampall Naomh Colmán, Eaglais Cheartchreidmheach na Rúise lasmuigh den Rúis, Tá sé ar Bhóthar Mhainistir Laoise, thart ar mhíle lasmuigh den Stráidbhaile. Bíonn seirbhísí ann go seachtainiúil.
Daoine cáiliúla
cuir in eagar- Caoimhín Ó hUiginn, ón Sráidbhaile ó dhúchas
- Cecil Day-Lewis, File an Stáit de chuid na Ríochta Aontaithe ó 1968 go 1972, agus athair an aisteora Daniel Day-Lewis
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ “An Sráidbhaile/Stradbally | logainm.ie” (ga). Bunachar Logainmneacha na hÉireann (Logainm.ie). An Coimisiún Logainmneacha. Dáta rochtana: 2023-06-22.
Is síol faoi thíreolaíocht na hÉireann é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid.
Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |