Muiredach mac Domnaill Midi

Rí Uisnigh agus na na Mí de Clann Cholmáin ba ea Muireadhach mac Domhnaill na Mí (Sean-Ghaeilge Muiredach mac Domnaill Midi) (bás 802). An tArdrí, Domhnall na Mí (died 763) ba ea a athair, agus an tArdrí Donnchadh na Mí (bás 797) a dheartháir.[1] Bhí sé i réim mar rí na Mí ón mbliain 799 go dtí 802.

Tréimhse achrainn chathartha i measc Chlann Colmáin a bhí ann idir bás Dhonnchadha na Mí agus teacht i réim a mhic, Chonchúr sa bhliain 803. Is amhlaidh gur tháinig a mhac Domhnall i gcomharbacht ar Dhonnchadh sa bhliain 797. An bhliain chéanna, rinne an tArdrí, Aodha Oirdní de Chineál Eoghain, ionsaí ar an Mhí agus chloígh sé Clann Cholmáin ag Cath Druim Ríg. Maraíodh beirt dheartháireacha Muireadhaigh, Fíonsneachta agus Diarmaid Odhar, le linn an chatha.[2] Scrios Aodh ansin ann Mhí a ghéill dó. Meastar gur thosaigh ríogacht Aodha as an eachtra seo.[3]

Sa bhliain 799, maraíodh Domhnall na Mí ag a ghaol féin agus rinneadh rí na Mí de Mhuireadhach.[4] Insítear ansin gur bhuaigh Muireadhach in éadan Chineál Chairbre (Cenél Cairpri) as Tethba ag Cath Finnabair dá bhliain 799, inar maraíodh a rí.[5] D'fhéadfadh é go raibh sé ag troid ar son a nia, Domhnall, óir gur tharla an eachtra seo roimh a dhúnmharú dar le hAnnála Uladh.[6] De réir Annála na gCeithre Máistrí, ámh, tharla an cath tar éis an dúnmharú, agus bheidís é go raibh Muireadhach ag cur a cheannais féin i réim.

Tugtar an teideal ri Midhe dó ina thásc sna hannála don bhliain 802.[7]

FoinsíCuir in Eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Charles-Edwards, Aguisín III
  2. Annála Uladh, AU 797.3
  3. AU 797.5
  4. AU 799.5
  5. AU 799.2
  6. Mac Niocaill, lch. 144
  7. AU 802.1