Máel Ruanaid mac Donnchada Midi

rí Éireannach

Rí Uisnigh de Clann Cholmáin ba ea Maol Rúnaí mac Donnchadha na Mí (Sean-Ghaeilge Máel Ruanaid mac Donnchada Midi) (bás 843). An tArdrí, Donnchadh na Mí (bás 797) ba ea a athair, agus an tArdrí Chonchúr (bás 833) a dheartháir.[1] Bhí sé i gcoróin ón mbliain 833 go dtí 843.[2]

Infotaula de personaMáel Ruanaid mac Donnchada Midi
Beathaisnéis
Bás843
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteMáel Sechnaill mac Máele Ruanaid, Flann mac Máele Ruanaid Cuir in eagar ar Wikidata
AthairDonnchad Midi mac Domnaill
SiblínConchobar mac Donnchada

Tháinig sé i gcomharbacht ar a dheartháir mar rí Uisnigh sa bhliain 833, ach níor tháinig ar an ard-ríogacht, a dháiltí idir Clann Cholmain agus Cineál Eoghain d'Uí Néill an Tuaiscirt ag an am sin. Rinneadh ina ionad ardrí den tuaisceartach, Niall Caille.

Chun a údarás a, rinne Niall Caille ruathar ar an Mí sa bhliain 835.[3] Tarraingíodh an Mhí Meath isteach i gcogadh idir Niall Caille and Feilimí mac Criomhthainn, rí Mumhan. Rinne Feilimí ruathar ar Mí agus ar Bhreá i mbun ionsaí a dhéanamh ar Teamhraigh Tara in 840, ach chuir Niall cosc air ansin.[4]

Sa bhliain 841, cloíodh Maol Ruanaí ag a nia, Diarmaid mac Conchúir agus cuireadh go sealadach as a choróin é. Mharaigh a mhac, his son Maol Seachnaill (bás 862) Diarmaid an lá céanna, ámh, agus fuair sé ar ais a choróin ar an dtoirt.[5]

I measc a mhac, bhí Flann (bás 845), rí Mhí, agus Máel Sechnaill, a rinneadh Ardrí de sa bhliain 846.

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9

Naisc sheachtracha

cuir in eagar
  1. Francis J.Byrne, Irish Kings and High-Kings, Tábla 3
  2. Tugtar réimeas 10 bliain dó sa Leabhar Laighneach
  3. Annála Uladh, AU 835.3
  4. AU 840.4
  5. AU 841.2