Cairbre Crom mac Criomhthainn

rí na Mumhan

Rí na Mumhan d'Eoghanacht Ghleanndamhnach ba ea Cairbre Crom mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Coirpre Cromm mac Crimthainn) (bás 577[1]). Bhí a chlann bunaithe thart ar Ghleannúir, Contae Chorcaí. Criomhthann Sreamh mac Eachadha (bás c. 542) ba ea a athair.[2]

Infotaula de personaCairbre Crom mac Criomhthainn
Beathaisnéis
Básc. 577
Rí na Mumhan
542 – 577
← Crimthann Srem mac EchadoFergus Scandal mac Crimthainn, Feidlimid mac Coirpri Chruimm → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairm Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
TeaghlachEoghanacht Ghleanndamhnach Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteFeidlimid mac Coirpri Chruimm Cuir in eagar ar Wikidata
AthairCrimthann Srem mac Echado

Is doiléir é croineolaíocht ríthe na Mumhan sa 6ú haois. I nAnnála Tiarnaigh, luaitear Cairbre mar rí don bhliain, ach ansin, rí eile, Cormac mac Ailealla,[3] don bhliain 545.[4][5] Feictear Cairbre arís ina thásc don bhliain 577, tar éis réimis 17 bliain.[6] Más fíor, bheadh sé i réim idir 560 agus 577. Feictear é fosta i ríliostaí le fáil i Sioncronachtaí Laud, sa Leabhar Laighneach agus sa sága Seanchas Fála Chaisil.[7]

Sa bhliain 572, tharla Cath Feimin, maigh idir Caisil agus Cluain Meala. Chloígh Cairbre Colmán Beag mac Diarmada (bás 585) agus maraíodh fir na Mí.[8][9] Tá dán ann sa Dinnseanchas maidir le Loch Ceann a insíonn toradh an chatha:[10]

Loch Cend
mairg doimir fora bruach;
dolin Cairpri do chinnu é
condad cru[11] é sis isuas.
Loch Ceann
mairg bádóir ar a bruach;
líon Cairbre le cinn é
go fuil é síos is suas.

Bhí beirt mhac aige, Feilimí mac Cairbre Chroim, luaite mar rí na Mumhan, agus Aodh Flann Cathrach, sinsear ríthe Gleanndamhnaigh. Bhunaigh sé a ardeaglais ag Cluain, agus ba é Naomh Colmán Chluana an chéad easpag ann.[12] Phós a bhaintreach, Cumman, Feilimí mac Tiarnaigh, rí Mumhan.[13]

Foinsí cuir in eagar

  • Corpus of Electronic Texts
  • Byrne, Francis John, Irish Kings and High-Kings, ISBN 978-1-85182-196-9
  • Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine le McCarthy.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
  2. Byrne, Table 13
  3. gan bheith measctha le rí na Mumhan den 8ú haois, Cormac mac Ailello
  4. Annála Tiarnaigh, AT 542.3, 545.2
  5. luaitear Cormac ag Seathrún Céitinn, a deir gurbh Ui Liatháin é, lch. 55
  6. AT 577.3
  7. Tugtar réimeas 22 bliain dó sna Sioncronachtaí Laud.
  8. AT 572.1
  9. Annála Uladh, AU 573.1
  10. Dinnseanchas Aoi, iml 4, dán 72.
  11. 1 crú, fuil, ar eDIL
  12. Seathrún Céitinn, lch. 75
  13. Byrne, lch. 206