Fearghas Scannal mac Criomhthainn
Rí na Mumhan d'Eoghanacht Oirthir Cliach ba ea Fearghas Scannal mac Criomhthainn (Sean-Ghaeilge Fergus Scandal mac Crimthainn) (bás 582[1]). Deirtear go raibh sé ina chomhrí le Feilimí mac Cairbre Chroim (bás 596) mar leasrí.
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | c. 582 |
Rí na Mumhan | |
577 – 582 ← Cairbre Crom mac Criomhthainn – Feidlimid mac Coirpri Chruimm → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Teaghlach | Eoghanacht Oirthir Cliach |
Criomhthann Dearcán mac Eochaidh ba ea a athair, agus Aonghas mac Nadh Fraoigh (bás 489), chéad rí Chríostaí na Mumhan, a shín-seanathair.[2] Bhí a chlann bunaithe thart ar bhaile Thiobraid Árann.
Luaitear é i ríliostaí amhail Sioncronachtaí Laud agus an Leabhar Laighneach. De réir Annála Tiarnaigh, tháinig sé i gcomharbacht ar Chairbre Crom mac Criomhthainn sa bhliain 577, ach maraíodh é cúig bliana i ndiaidh sin, sa bhliain r582.[3] Tagann na hannála úd orthu féin, ag rá go raibh sé i gcoróin le seacht mbliana. De réir foinsí na nEoghannacht, mharaigh fir na Laigean é, agus ghéill siad Osraí go Mumhain mar chúiteamh. Diúltaíonn Prof. Byrne an smaoineamh seo ámh mar bholscaireacht níos deireanaí na nOsraí.[4]
Foinsí
cuir in eagar- Annála Tiarnaigh
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Synchronisms Curtha i gcartlann 2012-06-08 ar an Wayback Machine, eagrán athbhreithnithe, le McCarthy
Naisc sheachtracha
cuir in eagarTagairtí
cuir in eagar- ↑ gach dáta as The Chronology of the Irish Annals le Daniel P. McCarthy
- ↑ Byrne, Tábla 13
- ↑ Annála Tiarnaigh, 577.3, 582.4
- ↑ Byrne, lch. 181