Crimthann Srem mac Echado
Rí na Mumhan de rítheaghlach na nEoganacht ba ea Criomhthann nó Criofann Sreamh mac Eochadha (Sean-Ghaeilge Crimthann Srem[1] mac Echado, nó Crimthann Feimin) (bás c. 542). Eochaidh mac Aonghasa (bás 522) ba ea a athair, agus Aonghas mac Nadh Fraoigh (bás 489), an chéad rí Críostaí na Mumhan, ba ea a sheanathair.[2]
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | c. 542 |
Rí na Mumhan | |
522 – 542 ← Eochaid mac Óengusa – Cairbre Crom mac Criomhthainn → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | rí |
Teaghlach | |
Páiste | Cairbre Crom mac Criomhthainn |
Athair | Eochaid mac Óengusa |
De réir Annála Tiarnaigh, tháinig sé i gcomharbacht ar a athair mar rí na Mumhan sa bhliain 522.[3] De réir Sioncronachtaí Laud, bhí sé i réim le fiche bliain, agus más fíor, fuair sé bás sa bhliain which 542. Is doiléir é taifead ríthe na Mumhan den 6ú haois, agus b'fhéidir é gur scríobhadh na sioncronachtaí úd chun a theaghlach a thacú.[4] Níl sé ann i liostaí na ríthe dar leis an scéal Seanchas Fála Caisil, cé go bhfuil sé ann sa Leabhar Laighneach.[5]
Sinsear na hEoghanachta Gleanndamhnaigh ba ea é. Bhí cúigear mac aige, ina measc Cairbre Crom mac Criomhthainn (bás 577), rí Mumhan. Deirtear sna ginealaigh go raibh 'leathchúpla' dearthár aige, mac mná darbh ainm Dearcan. Criomhthann ab ainm dá dheartháir freisin, agus sinsear an Eoghanacht Oirthir Cliach ba ea é. B'fhéidir gurbh é siúd Criomhthann mac Dearcáin, luaite i sliocht maidir le sionad Muimhneach sa 6ú haois.[6]
Foinsí
cuir in eagar- CELT: Corpus of Electronic Texts
- Annála Tiarnaigh
- Sioncronachtaí Laud
- Leabhar Laighneach, {MS folio 150a 45} Fland cecinit
- Byrne, Francis John (2001), Irish Kings and High-Kings, Baile Átha Cliath: Four Courts Press, ISBN 978-1-85182-196-9
- Charles-Edwards, T. M. (2000), Early Christian Ireland, Cambridge: Cambridge University Press, ISBN 0-521-36395-0
- Rev. Eugene O'Keeffe, Book of Munster, ag Eoghanacht Genealogies