Bhíodh ríthe Dhál Riada i gceannas ar ríocht Ghaelach suite san Albain agus oirthuaisceart Éireann. Rianaigh an chuid is mó acu, maraon le ríthe na hAlban, a nginealaigh siar go Fearghas Mór mac Eirc. Sa 16ú haois, dúirt Séamas VI na hAlban faoi féin go raibh sé ina "happie monarch sprung of Ferguse race".

Ní fheictear tásca na ríthe sna hannála Éireann go dtí lár na 6ú haoise, le bás Chomhghaill mhic Dhomhangairt c. 538–545, agus a dhearthár Gabhrán, c. 558–560. Tar éis na mór-cliste ag Cath Maige Rátha sa bhliain 637, chaill Dál Riada in Éirinn a chuid críoch in Albain.[1] San 8ú haois, chloígh a gcéilí comhraic, Dál Áraí, tuath Dhál Riada in Éirinn,[2] cé gur ghlaoití Dál Riada uirthi go dtí an 14ú haois.

Is é Fergus mac Echdach, deartháir agus comharba Aodha Fhionn, rí deireanach Dhál Riada na hAlban a bhfuil fianaise ann dó. Tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 781. I ndiaidh sin, roinneadh Dall Riada ina cineálacha, ina measc Cineál Ghabhráin as Cinn Tíre agus Cineál Loairn.

Roimh Chath Mhaigh Rátha

cuir in eagar
Cin Ainm Réimeas Nótaí
Loarn mac Eirc ( Earca) Anaithnid Sinsear eapainmneach Chineál Loairn. Is dóigh gur bréagach é a ghinealach.
Fearghas Mór mac Eirc mhic Nise Mhóir 498-501 Is é Nisse Mór de réir dealraimh an rí stairiúil, ach cuireadh Fearghas Mór ina áit. Tuairiscítear a bhás i nAnnála Tiarnaigh c. 501[3]
Domangart Réti mac Fearghasa nó mac Nissi Anaithnid Tuairiscítear a thásc i nAnnála Inis Faithlinn c. 507. Is dóigh gur botúin é an t-ainm athartha 'mac Nissi'
Comhghall mac Domhanghairt bás c. 540 Deirtear go raibh sé i gcoróin le 35 bliain. Is iomaí tásc a fheictear do i nAnnála Uladh. Sinsear eapainmneach Chineál Chomhghaill
Gabhrán mac Domhanghairt bás c. 560 Tá nasc ann b'fhéidir idir a bhás agus Bridei I na gCruithneach. Feictear dhá thásc do i nAnnála Uladh. Sinfear eapainmneach Chineál Ghabráin
Co Conall mac Comhghaill bás c. 574 Deirtear gur bhronn sé Oileán Í ar Naomh Colm Cille. An chéad rí a bhfuil iontráil ann do seachas tásc i nAnnála Uladh.
Ga Aodhán mac Gabhráin bás c. 606 Feictear é i Beatha Cholm Cille le hAdomnán chomh maith leis na hannála
Ga Eochaidh Buí mac Aodháin bás c. 629 (tar éis Connaidh Chearr) Feictear é i Beatha Cholm Cille
Co Connadh Cearr mac Conaill bás c. 629 (roimh Eochaid Buide) Leath-rí le hEochaidh Buí. Cloíodh é i gCath Fid Eóin ag Conghal Caoch, rí Uladh
Ga Domhnall Breac mac Eochach Bhuí bás c. 642 Cloíodh is maraíodh é i gCath Strathcarron ag Eugein I Alt Clut
Co Ferchar mac Connaid Anaithnid Tá a thásc i n Annála Uladh 694 de réir dealraimh as áit. Dar leis an Duan Albanach bhí sé ina leath rí le Domhnall Breac

Maigh Rath go dtí 741

cuir in eagar
Cin Ainm Réimeas Nótaí
Ga Dúnchad mac Conaing mhic Aodháin mac Dúbain bás c. 654 Feictear pearsana a mheastar gur de shliocht Dúnchadha iad go minic sna hannála
Conall Crandomna mac Eochach Bhuí
Domangart mac Domnaill Bhric bás c. 660 ?
Máel Dúin mac Conaill bás c. 689
Domnall Donn mac Conaill bás c. 696
Lo Ferchar Fota mac Feredaig bás c. 697 seachtú glúin ó Loarn
Ga Eochaid mac Domangairt Anaithnid Feictear é sa Duan Albanach, ach ní sna hannála nó ginealaigh níos deireanaí
Lo Ainbcellach mac Ferchair Fhada curtha as c. 698< D'éag sa bhliain 718 i mbun catha in éadan a dhearthár, Sealbhach
Ga? Fiannamail ua Dúnchado mac uí Dhúnchadha mhic Conaing bás 700 Ní fios an rí Dhál Riada nó Shall Araí é Fiannamail. D'éag a mhic (mar a mheastar) Indreachtach agus Conall died i mbun catha sa bhliain 741.
Ga? Béc ua Dúnchado nia Donnchadha mhic Conaing bás 707 Taoiseach Chineál Ghabhráin
Ga Dúnchad Bec bás 721 B'fhéidir go bhfuil gaol ann idir é, Fiannamail agus Dúnchadh mac Conaing. Taoiseach Chineál Ghabhráin roimh 719 go dtí 721
Lo Selbach mac Ferchair d'éirigh as 723 D'éirigh sé as a choróin ar son a mhic, Dúnghal agus d'éirigh ina chléireach, fuair bás 730
Lo Dúngal mac Selbaig curtha as 726 D'fhan ina rí Chineál Loairn is dóigh go dtí gur cuireadh sé as sa bhliain 733
Ga Eochaid mac Echdach, Angbad 726–733 Cineál Ghabhráin ar ais
Lo Muiredach mac Ainbcellaig 733–736
? Alpín mac Echdach Anaithnid Feictear é sa Duan Albanach, ach b'fhéidir go bréagach
Lo Eógan mac Muiredaig Anaithnid Feictear i roinnt croinicí Albanacha, ach ní sa Duan Albanach. Ina thaoiseach Chineál Loairn b'fhéidir.
Ga? Indrechtach mac Fiannamail bás 741 Ní fios go cruinn cérbh é. D'éag sé i gCath Forboros, b'fhéidir maraithe ag na Cruithnigh faoi Aonghas mac Fearghasa. B'fhéidir gur rí Dhál Araí é, ach más fíor, ba chóir go raibh aige mar ainm athartha mac Lethlobair

Ón 740í ar aghaidh

cuir in eagar
Cin Ainm Réimeas Nótaí


Ríthe anaithnid kings c. 736–750 nó níos deireanaí Bhí Dál Riata faoi smacht na gCruithneach ag an am seo.
Ga Aodh Fionn mac Eochach roimh 768–778 Deirtear i nginealaigh níos deireanaí gurbh é Domangart má Domhnaill Bhric ina athair Aodha, rud atá dochreidte ó thaobh is croineolaíochta de.
Ga Fergus mac Echdach 778–781 Dearthaír le hAodh Fionn
Ga Eochaid mac Áeda Find Anaithnid Ní fheictear é sa Duan Albanach, nó na hannála, ach ansin i nginealaigh níos deireanaí, is dócha botún agus go raibh Eochaid mac Echdach i gceist
? Donncoirce bás 792 Tásc i nAnnála Uladh, ní fheictear sa Duan Albanach nó ginealaigh níos deireanaí
? Caustantín na gCruithneach Anaithnid Sliochtaigh Aonghasa I mhic Fhearghasa. Rí na gCruithneach c. 792–820. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é
c. 792–805 Ríthe anaithnid
? Conall mac Taidg c. 805–807 Maraithe i mbun catha i gCinn Tíre, is dócha an chéad Chonall a fheictear sa Duan Albanach
? Conall mac Áedáin c. 807–811 Mharaigh sé Conall mac Taidg
Domnall mac Caustantín c. 811–835 Bhí Domnall éigin i réim le ceithre bliana is fiche dar leis an Duan Albanach, dátaí garbha
Óengus II na gCruithneach Anaithnid Deartháir Caustantín. Rí na gCruithneach c. 820–834. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é
Eóganán na gCruithneach mac Aonghasa Anaithnid Rí na gCruithneach c. 837–839. Feictear é sa Duan Albanach ach ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é
Áed mac Boanta c. 835–839 Maraithe i mbun catha in éadan na Lochlannach i dteannta le hEóganán mac Óengusa
Ga Alpin II Dhál Riada mac Eochach mhic Aodha Fhionn Anaithnid Ní fheictear é nó sna hannála nó sa Duan Albanach. Níl aon fhianaise ann gur rí Dhál Riata
Ga Cináed mac Ailpín Anaithnid Rí na gCruithneach c. 843–858. Ní mheastar de ghnáth gur rí Dhál Riada é
Diarmaid mac Sealbhaigh c. 914 Meastar gur rí Dhál Riada in Éirinn é

Is iad a leanas na príomh-fhoinsí atá ann ar ríthe Dhál Riada:

Foinsí níos lú iontaofa:

Is deacair é brí a bhaint as na foinsí. Ó thaobh a lán iontrálacha de a bhfuil cuma Dhál Riada orthu, tá easpa comhthéacs iontu, níl iontu ainmneacha athartha nó leasainmneacha. Tá go leor easaontas idir na foinsí. Is léir gur athraíodh nó cuireadh le roinnt iontrálacha ag an níos deireanaí.

  • Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster". The Black Staff Press. 
  • Adomnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
  • —, "The Scottish Takeover of Pictland" in Dauvit Broun & Thomas Owen Clancy (eag.) Spes Scotorum: Hope of Scots. Saint Columba, Iona and Scotland. T & T Clark, Dún Éadain, 1999. ISBN 0-567-08682-8
  • Broun, Dauvit, The Irish Identity of the Kingdom of the Scots in the Twelfth and Thirteenth Centuries. Boydell, Woodbridge, 1999. ISBN 0-85115-375-5
  • —, "Pictish Kings 761–839: Integration with Dál Riata or Separate Development" in Sally M. Foster (eag.), The St Andrews Sarcophagus: A Pictish masterpiece and its international connections. Four Courts, Baile Átha Cliath, 1998. ISBN 1-85182-414-6
  • Sharpe, Richard, "The thriving of Dalriada" in Simon Taylor (eag.), Kings, clerics and chronicles in Scotland 500–1297. Four Courts, Baile Átha Cliath, 2000. ISBN 1-85182-516-9

Naisc sheachtracha

cuir in eagar

Féach freisin

cuir in eagar
  1. Bardon, Jonathan (2005). "A History of Ulster": 20-1. The Black Staff Press. 
  2. "A New History of Ireland, II Medieval Ireland 1169-1534" (2008): 17. Oxford University Press. 
  3. AT 501.3, Feargus ... partem Britaniae tenuit, et ibi mortuus est.