Eochaidh mac Eochach

rí Dhál Riada
(Athsheolta ó Eochaid mac Echdach)

Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Eochaidh mac Eochach (Meán-Ghaeilge Eochaid mac Echdach) ón mbliain 726 go dtí 733. Eochaidh mac Domhanghairt ba ea a athair.

Eochaidh mac Eochach
Ríthe Dhál Riada

726 - 733
Dúnghal mac Sealbaigh - Muireadhach mac Ainfhaichilligh, Ailpín mac Eochach, Dúnghal mac Sealbaigh
Saol
Eolas breithe 7 century
Náisiúntacht Dál Riada
Bás 733
Muintir
Athair Eochaidh mac Domhanghairt
Páistí
Gairm
Gairm monarc

Is dócha gur tháinig Eochaidhi gcoróin tar éis dó Dúnghal mac Sealbaigh a chur as. B'fhéidir é go ndearna Sealbhach iarracht a mac a chur ar ais ach is léir nár éirigh leis. Bhí Cath eatarthu ag Irros Foichnae sa bhliain 727.[1]

Níltear ar aon ghuth sna annála ar seoladh cabhlach go hÉirinn chun cabhrú le Flaithbheartach mac Loingsigh in éadan Aodh Allán le linn réimeas Eochach nó a chomharba.

Ina thásc sa bhliain 733, tugtar an teideal rí seachas tuatha Dhál Riada ar Eochaidh,[2] rud a thugann le fios b'fhéidir go raibh sé i réim gan freasúra tar éis cliste Dúnghail agus Sealbhach. Rinneadh níos deireanaí rí Dhál Riada dá mhac, Aodh Fionn.

Ríocht neamhspleách a bhí Dál Riada go dtí an bhliain 736 ar a laghad, mar sin is cinnte é go raibh chomharba (nó chomharbaí) ag Eochaidh, b'fhéidir Muireadhach mac Ainfhaichilligh, a bhí tagtha ina chomharba ar Dúnghal mac Sealbaigh mar rí Chineál Loairn.

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. Annála Uladh, AU 727.3
  2. Annála Tiarnaigh, AT 733.5