Muireadhach mac Ainfhaichilligh

rí Dhál Riada

Chineál Loairn agus Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Muireadhach mac Ainfhaichilligh (Meán-Ghaeilge Muiredach mac Ainbcellaig) ón mbliain 733 go dtí 736.

Infotaula de personaMuireadhach mac Ainfhaichilligh
Beathaisnéis
Bás736
Ríthe Dhál Riada
733 – 736
← Eochaidh mac EochachEoghan mac Muireadhaigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteEoghan mac Muireadhaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAinfhaichilleach mac Fearchair

Ainfhaichilleach mac Fearchair ba ea a athair. Tuairiscítear a theacht i réim sa bhliain 733,[1] cé nach follasach é sna hannála Éireann ar tháinig sé i gcomharbacht ar Eochaidh mac Eochach, rí Dál Riada. Níl sé soiléir ach oiread cé ar tháinig sé i gcomharbacht air mar rí Chineál Loairn, ach d'fhéadfadh é gurbh é a chol ceathrar, Dúngal mac Sealbhaigh, a bhí i gceist. Feictear Muireadhach sa dán molta den 11ú haois, Duan Albanach.

Is dócha gur tháinig deireadh leis tar éis do Dhál Riada bheith cliste ag na Cruithneach faoi cheannas Aonghasa I. Tuairiscítear fosta go ndeachaigh Talorgan deartháir Aonghasa ar tóir 'mhic Ainfhaichilligh', ach ní deirtear ar mharaigh sé é.[2]

Is é Aodh Fionn de Chineál Ghabhráin an chéad rí eile ainmnithe sna hannála, don bhliain 768. De réir roinnt foinsí Albanacha, Chronicle of Melrose ina measc, tháinig Eoghan mac Muireadhaigh i gcomharbacht air.

Feictear tásc Mhuireadhaigh i nAnnála na gCeithre Máistrí faoin mbliain 771,[3] a fhreagraíonn le c. 776, nó chomh déanach le 778, óir go bhfeictear tásc Aodha Fhionn don bhliain chéanna.[4]

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 733.2
  2. AU 736.1, 736.2
  3. Annála na gCeithre Máistrí, ACM 771.11
  4. ACM 771.18