Ainfhaichilleach mac Fearchair

rí Dhál Riada

Chineál Loairn agus b'fhéidir Rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Ainfhaichilleach mac Fearchair (Meán-Ghaeilge Ainbcellach[1] mac Ferchair). Bhí sé i gcoróin sna blianta 697 agus 698, nuair a cuireadh as é agus chuaigh ar deoraíocht go hÉirinn.[2]

Ainfhaichilleach mac Fearchair
Ríthe Dhál Riada

697 - 698
Eochaidh mac Domhanghairt - Fiannamhail ó Dúnchadha
Saol
Eolas breithe 7 century
Náisiúntacht Dál Riada
Bás Meán Fómhair 719
Muintir
Athair Fearchar Fada
Páistí
Teaghlach
Gairm
Gairm monarc

Fearchar Fada ba ea a athair. Tugtar an buafhocal an Good sa Duan Albanach, dán molta de chuid na 11ú haoise.

Ní fios cé chomh fada is a bhí sé ar deoraíocht. Tá tuairiscí ann go raibh airgead ann i nDál Riada go luath sa 8ú haois, b'fhéidir idir might be a conflict between Ainfhaichilleach agus a dheartháir, Sealbhach, nó idir Cineál Loairn agus Cineál Ghabhráin. Bhí sé gan dabht ar ais faoi Mheán Fómhair 719, nuair a maraíodh é ag troid in éadan Sealbaigh i "bhFinnglen" (gar de Loch Fìne b'fhéidir).[3][4]

Rinneadh rí Chineál Loairn dá mhac Muireadhach. Rianaigh Mormaír Moireibh a sinsearacht ar ais go hAinfhaicilleach trína mac, Ruairí.

FoinsíCuir in Eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1
  • Broun, Dauvit, "Pictish Kings 761–839: Integration with Dál Riata or Separate Development" in Sally M. Foster (eag.), The St Andrews Sarcophagus: A Pictish masterpiece and its international connections. Four Courts, Baile Átha Cliath, 1998. ISBN 1-85182-414-6

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar

  1. ? ainbchellach, cf anfochell, ain-faichill, faillí, neamhchúram
  2. Annála Uladh, AU 698.4
  3. AU 719.6
  4. AT 719.4