Sealbhach mac Fearchair

rí Dhál Riada

Chineál Loairn agus rí Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Sealbhach mac Fearchair (Meán-Ghaeilge Selbach mac Ferchair) (bás 730). Déantar trácht go minic air i nannála Éireann.

Infotaula de personaSealbhach mac Fearchair
Beathaisnéis
Breith7 haois
Bás730
Ríthe Dhál Riada
700 – 723
← Fiannamhail ó DúnchadhaDúnghal mac Sealbaigh → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDúnghal mac Sealbaigh Cuir in eagar ar Wikidata
AthairFearchar Fada

Fearchar Fada ba ea a athair. Bhí sé ina rí Chineál Loairn ón mbliain c. 698 go dtí gur éirigh sé as a choróin sa bhliain 723. B'fhéidir é nach raibh sé i réim gan freasúra mar rí Dhál Riada ach faoi dheireadh a réimis.

Cé nach bhfeictear Sealbhach ar dtús ach tar éis bhás Fianamhala uí Dhúnchadha (bás 700), is dócha é ámh go raibh a dheartháir Ainfhaichilleach curtha as aige sa bhliain 698.[1] Scrios sé Caisleán Dún Olaigh sa bhliain 701,[2] ach ní fios an é seo in éadan Ainfhaichilligh; nó rí a chomhrac, Cineál Ghabhráin; nó naimhde eile.

Tuairiscítear roinnt cathanna agus Dál Riada páirteach ann le linn ré Sealbhaigh: cliseadh i nGlen Lemnae in 704;[3] agus buanna in éadan na mBriotanach ag Lorg Ecclet sa bhliain 711[4] agus arís ag Carraig Minuirc sa bhliain 717,[5] ach níl Sealbach ann. Sa bhliain 712, chuir Sealbach Aberte (Dunaverty, gar do Ceann mu Dheas, Cinn Tíre, i gcríocha Chineál Ghabhráin) faoi léigear.[6] Rinne sé Dún Olaigh a atógáil sa bhliain 714.[7]

I mí Mheán Fómhair 719, throid Sealbach in éadan a dhearthár Ainfhaichilleach ag Finnglen (gar do Loch Fine b'fhéidir).[8] Maraíodh Ainfhaichilleach sa chath. Mí ansin i ndiaidh sin, chuaigh sé i mbun chath mara amach ó Ard Nesbi in éadan Dúnchadha Bhig, rí Chinn Tíre.[9] Cloíodh Sealbach, ach fuair Dúnchad Beag bás sa bhliain in 721,[10] agus b'fhéidir é go raibh Sealbach ansin ina rí gan freasúra Dhál Riada.

Sa bhliain 723, d'éirigh Sealbach as a choróin mar rí Dhál Riada agus chuaigh sé ar scor chuig mainistir.[11][12] Tháinig a mhac Dúnghal i gcomharbacht air, agus tháinig Eochaid mac Echdach ina ionadsa sa bhliain 726.[13] Feictear Sealbach ar an bhfód sa bhliain 727, ag troid in éadan lucht leanúna Eochach ag Irros Foichnae.[14]

Bhí beirt mhac as Sealbhach a bhfuil eolas orthu, Dúngal agus Feredach. Feictear athair despair agus Nia Shealbhaigh mar réamhtheachtaí Mhaoil Colm III mac Donnchadha sa dán molta, Duan Albanach, acu ní Sealbhach féin. B'fhéidir gur damnatio memoriae é seo.

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. Annála Uladh, AU 698.4
  2. AU 701.8
  3. AU 704.1
  4. AU 711.5
  5. AU 717.5
  6. AU 712.5
  7. AU 714.2
  8. AU 719.6
  9. AU 719.7
  10. AU 721.1
  11. AU 723.4
  12. Annála Tiarnaigh, AT 723.4
  13. AT 726.9
  14. AU 727.3