Eoghan mac Muireadhaigh

rí Dhál Riada
(Athsheolta ó Eógan mac Muiredaig)

Feictear Eoghan mac Muireadhaigh (Meán-Ghaeilge Eógan mac Muiredaig) i roinnt foinsí na hAlban mar rí Dhál Riada, sna 730í is dócha.

Infotaula de personaEoghan mac Muireadhaigh
Ríthe Dhál Riada
736 – 739
← Muireadhach mac AinfhaichillighAonghas I → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
AthairMuireadhach mac Ainfhaichilligh

Meastar gurbh é Muireadhach mac Ainfhaichilligh agus dá bharr ball de Chineál Loairn. Níl Eoghan ann sna hannála Éireann atá ar marthain, agus ní fheictear é sa Duan Albanach, a théann ó Muireadhach go hAodh Fionn. Tá sé sna rí-liostaí le fáil i Chronicle of the Kings of Dál Riata agus Chronicle of Melrose. Rianaíonn Mormair Moireibh a nginealach trí Ruairí éigin, deartháir le hathair Eoghain.

Bhí Eoghan beo nuair a rinne na Cruithnigh faoi cheannas Aonghasa mhic Fhearghasa ionsaí ar Dhál Riada agus chloígh siad é. Ní fios cá a tháinig i gcomharbacht air. Is é Aodh Fionn Find de Cenél nGabráin an chéad rí eile a fheictear sna foinsí, tríocha bliain i ndiaidh ré Eoghain.

Foinsí cuir in eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló le ceartúcháin. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1

Tagairtí cuir in eagar