Ailpín mac Eochach
Rí a mheastar Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Ailpín mac Eochach (Meán-Ghaeilge Alpín mac Echdach).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 778 |
Bás | 834 55/56 bliana d'aois Gall-Ghàidhealaibh |
Siocair bháis | Dúnbhású |
Ríthe Dhál Riada | |
831 – 834 ← Eóganan mac Óengusa – Coinneach Mac Ailpín → | |
Gníomhaíocht | |
Gairm | monarc |
Teaghlach | |
Páiste | Coinneach Mac Ailpín, Dómhnall mac Ailpín, Griogair mac Ailpín |
Athair | Eochaid mac Áeda Find agus Fergusa |
Muintir
cuir in eagarNíl trácht ar bith ar athair Ailpín, Eochaid IV mar a mheastar, in aon fhoinse comhaimseartha.[1] Deirfiúr agus oidhre Causantín mhic Fhearghasa, rí na gCruithneach ba ea a máhthair.[2] Phós sé le 'banfhlaith Albanach' agus bhí beirt mhac acu.[2]
Feictear Alpín i nginealach déanta sa 10ú haois chun ríthe na hAlban a nascadh le sinsearacha Dhál Riada agus Éireannacha. Sa ghinealach seo, is iad mic Ailpín ná Cináed (Cionnaoth) agus Domhnall.
Réimeas
cuir in eagarDar le hAlison Weir, tháinig Ailpín i gcomharbacht ar a athair Eochaid mac Áeda Find mar rí Alban (.i. Dál Riata), agus d'éirigh fosta ina rí Chinn Tíre i mí Mhárta/Lúnasa 834.[2]
Sa Chroinic leis an staraí Albanach John of Fordun, insítear gutháin "Alpin the son of Achay" i gcoróin sa bhliain 831, go raibh sé i réim le trí bliana agus gur cloíodh é ag na Cruithnigh ar an "20ú Iúil".[3]
San Cronica Regum Scottorum de chuid na 12ú haoise, deirtear "Alpin filius Eochal venenosi iii, Kynedus filius Alpini primus rex Scottorum xvi…" mar ríthe sa 9ú haois.[4]
Ní deirtear cé hiad tuistí Ailpín sna foinsí níos luaite.
Bás
cuir in eagarD'éag Ailpín ar an 20ú Iúil nó Lúnasa 834 nuair nó a maraíodh i mbun catha in éadan na gCruithneach i Gall-Ghàidhealaibh nó a baineadh a cheann de tar éis an chatha.[5] Ní fios cár adhlacadh. Tháinig a mac Chionnaith i gcomharbacht air.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Alex Woolf, From Pictland to Alba 789-1070 (Edinburgh University Press 2008), ll. 96, 220-1.
- ↑ 2.0 2.1 2.2 2.3 Alison Weir, Britain's Royal Families: The Complete Genealogy (Londain, U.K.: The Bodley Head, 1999), lch 165
- ↑ John of Fordun (Skene), Leabhar IV, II, lch. 135.
- ↑ Skene (1867), XVI, Chronicle of the Scots 1165, Cronica Regum Scottorum, lch. 131.
- ↑ Burke's peerage limited (1973). "Burke's guide to the Royal Family". Londain, Burke's Peerage.