Eochaidh Buí

rí Dhál Riada
(Athsheolta ó Eochaid Buide)

Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Eochaidh Buí (Meán-Ghaeilge Eochaid Buide) ón mbliain c. 608 go dtí 629.

Infotaula de personaEochaidh Buí
Beathaisnéis
Breith6 haois
Bás629
Ríthe Dhál Riada
608 – 629
← Aodhán mac GabhráinConnadh Cearr → Cuir in eagar ar Wikidata
Gníomhaíocht
Gairmmonarc Cuir in eagar ar Wikidata
Teaghlach
PáisteDomhnall Breac, Conall Crannomhna, Connadh Cearr Cuir in eagar ar Wikidata
AthairAodhán mac Gabhráin

Aodhán mac Gabhráin ba ea a athair, agus d'éirigh sé ina rídhamhna tar éis bhásanna a dheartháireacha níos sine Artúr, Eochaidh Fionn and Domhanghart. Dar le Beatha Naoimh Cholm Cille le hAdomnán, rinne an Naomh tuar go dtiocfadh Eochaidh óg i gcomharbacht ar a athair in n-ionad.

Sa dá bhliain dheireanacha dá réimeas, 627–629, is amhlaidh go raibh Eochaid ina leath-rí le Connad Cerr, a d'éag roimhe. Tháinig a mhac Domhnall Breac i gcomharbacht ar Eochaidh.

Is iad a leanas na mic eile le hEochaid a fheictear i Seanchas Fear Alban:

  • Conall Crandomna
  • Failbhe (a d'éag ag Cath Fid Eoin)
  • Cú-gan-máthair (tuairiscítear a bhás i nAnnála Uladh don bhliain 604)
  • Conall Beag
  • Connad nó Conall Cerr (b'ionann é b'fhéidir is Connad Cerr a d'éag ag Fid Eoin)
  • Failbhe
  • Domhanghart
  • Domhnall Donn (Níorbh ionann é agus Domhnall Donn, murar cuireadh a thásc as áit le 45 bliain, cosúil le Ferchar mac Connaid)

Dar leis an seanscéal Fleadh Dhún na nGéanna, seanathair le Conghail Chaoch ba ea Eochaidh. Tá nithe mí-aimseartha sa scéal óir go ndeirtear an go raibh Eochaidh beo ag Cath Maige Rátha (a tharla go deimhin faoi cheann sin bhliain de 637). B'fhéidir é áfach gur mhac le hiníon Eochach é Conghal, dá mba fíor go bhfuair Cú-gan-máthair bás mar a thuairiscítear.

Foinsí cuir in eagar

  • Adomnán, Life of St Columba, aistr. & eag. Richard Sharpe. Penguin, Londain, 1995. ISBN 0-14-044462-9
  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8
  • Bannerman, John, Studies in the History of Dalriada. Scottish Academic Press, Dún Éadain, 1974. ISBN 0-7011-2040-1

Naisc sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar


Réamhtheachtaí
Áedán mac Gabráin
rí Dhál Riada
(? leath-rí le
Connad Cerr)

608–629
Comharba
Domnall Brecc