Domhnall Breac

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada san Albain agus oirthuaisceart Éireann ba ea Domhnall Breac (Meán-Ghaeilge Domnall Brecc, Breatnais Dyfnwal Frych) (bás 642 i Strathcarron), ón mbliain c. 637 go dtí 642. Eochaid Buide ba ea a athair.

Domhnall Breac
Ríthe Dhál Riada

629 - 642
Eochaidh Buí, Connadh Cearr - Fearchar mac Connaidh
Saol
Eolas breithe7ú haois
NáisiúntachtDál Riada
Bás642
Muintir
AthairEochaidh Buí
Páistí
Siblíní
liosta iomláin
Gairm
Gairmmonarc

Feictear é don chéad uair sa bhliain 622, nuair a insítear i nAnnála Tiarnaigh go raibh sé ar an bhfód ag Cath Cend Delgthen (i lár na tíre) ina comhghuaillí Chonaill Ghuthbhinn de Chlann Cholmáin. Is é seo an t-aon chath amháin inac raibh Domhnall ina bhuaiteoir.

Cloíodh Domhnall faoi cheathair i ndiaidh dó an comhaontas le Cineál Chonaill d'Uí Néill an Tuaiscirt a bhriseadh. I nÉirinn, cloíodh Domhnall agus a chomhghuaillí Conall Caoch de Dhál Airí ag Domhnall mac Aodha, Ardrí na hÉireann de Chineál Chonaill, i gCath Maige Rátha (Maigh Rath, Contae an Dúin) sa bhliain 637. Cloíodh arís é in éadan na gCruithneach sna blianta 635 agus 638, agus faoi dheireadh in éadan Eugein I Alt Clut ag Strathcarron sa bhliain 642, suite a maraíodh é.

Déantar trácht ar an eachtra seo i rann curtha isteach sa dán arsá Breatnaise, Y Gododdin:

ceann Dyfnwal Frych, chnaígh Fiacha é.

Rinneadh níos deireanaí rí Dhál Riada sa mhac, Domhanghart, as ar tháinig ríthe Chineál Ghabhráin were descended. Fuair dara mac, Cathasach, bás c. 650, agus garmhac Cathasach c. 688.

FoinsíCuir in Eagar

  • Anderson, Alan Orr, Early Sources of Scottish History A.D 500–1286, imleabhar 1. Athchló. Paul Watkins, Stamford, 1990. ISBN 1-871615-03-8

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar


Roimh
Eochaid Buide
rí Dhál Riada
629–642
Tar Éis
Ferchar mac Connaid