Domhanghart mac Domhnaill

rí Dhál Riada

Rí Dhál Riada san Albain ba ea Domhanghart mac Domhnaill (Meán-Ghaeilge Domangart mac Domnaill) (bás 673). Domhnall Breac ba ea a athair. Ní fios go cruinn arbh rí Dhál Riada é nó rí Chineál Ghabhráin ach amháin.

Domhanghart mac Domhnaill
Ríthe Dhál Riada

660 - 673
Conall Crannomhna - Maol Dúin mac Conaill
Saol
Eolas breithe 7 century
Náisiúntacht Dál Riada
Bás 673
Muintir
Athair Domhnall Breac
Páistí
Gairm
Gairm monarc

Ní fheictear Domahnghart sa Duan Albanach ach tá sé ann i bhfoinsí eile, amhail is ginealaigh William I na hAlban agus Causantín mac Cuilén i Seanchas Fear Alban. Deirtear anseo go raibh sé ina athair le Eochaidh.

Dar le roinnt rí-liostaí, scar Cineál Chomhghaill ó Chineál Ghabhráin le linn a réimis.

Tuairiscítear i nAnnála Uladh gur maraíodh é sa bhliain 673.[1]

Ní fios go cruinn cé a tháinig i gcomharbacht air, nó mar Rí Dhál Riada, dá mba amhlaidh é, nó mar rí CHineál Ghabhráin. I measc ríthe a bhfuil eolas againn ó orthu i ndiaidh Dhomhanghairt, tá Maol Dúin mac Conaill agus Domhnall Donn de Chineál Ghabhráin, agus Fearchar Fada of the Cineál Loairn. Tugtar dó siúd réimeas 21 bliain sa Duan Albanach agus rí-liostaí, rud a chuirfeadh in úil gur tháinig sé i gcoróin gar de bhás Dhomhanghairt.

FoinsíCuir in Eagar

Naisc sheachtrachaCuir in Eagar

TagairtíCuir in Eagar