Ailpín mac Eochach

rí Dhál Riada
(Athsheolta ó Alpín mac Echdach)

Rí a mheastar Dhál Riada in iarthar na hAlban ba ea Ailpín mac Eochach (Meán-Ghaeilge Alpín mac Echdach).

Ailpín mac Eochach
Ríthe Dhál Riada

831 - 834
Eóganan mac Óengusa - Coinneach Mac Ailpín
Saol
Eolas breithe778
NáisiúntachtDál Riada
BásGall-Ghàidhealaibh, 834
Muintir
AthairEochaid mac Áeda Find
MáthairFergusa
Páistí
Gairm
Gairmmonarc

MuintirCuir in Eagar

Níl trácht ar bith ar athair Ailpín, Eochaid IV mar a mheastar, in aon fhoinse comhaimseartha.[1] Deirfiúr agus oidhre Causantín mhic Fhearghasa, rí na gCruithneach ba ea a máhthair.[2] Phós sé le 'banfhlaith Albanach' agus bhí beirt mhac acu.[2]

Feictear Alpín i nginealach déanta sa 10ú haois chun ríthe na hAlban a nascadh le sinsearacha Dhál Riada agus Éireannacha. Sa ghinealach seo, is iad mic Ailpín ná Cináed (Cionnaoth) agus Domhnall.

RéimeasCuir in Eagar

Dar le hAlison Weir, tháinig Ailpín i gcomharbacht ar a athair Eochaid mac Áeda Find mar rí Alban (.i. Dál Riata), agus d'éirigh fosta ina rí Chinn Tíre i mí Mhárta/Lúnasa 834.[2]

Sa Chroinic leis an staraí Albanach John of Fordun, insítear gutháin "Alpin the son of Achay" i gcoróin sa bhliain 831, go raibh sé i réim le trí bliana agus gur cloíodh é ag na Cruithnigh ar an "20ú Iúil".[3]

San Cronica Regum Scottorum de chuid na 12ú haoise, deirtear "Alpin filius Eochal venenosi iii, Kynedus filius Alpini primus rex Scottorum xvi…" mar ríthe sa 9ú haois.[4]

Ní deirtear cé hiad tuistí Ailpín sna foinsí níos luaite.

BásCuir in Eagar

D'éag Ailpín ar an 20ú Iúil nó Lúnasa 834 nuair nó a maraíodh i mbun catha in éadan na gCruithneach i Gall-Ghàidhealaibh nó a baineadh a cheann de tar éis an chatha.[5] Ní fios cár adhlacadh. Tháinig a mac Chionnaith i gcomharbacht air.[2]

TagairtíCuir in Eagar

  1. Alex Woolf, From Pictland to Alba 789-1070 (Edinburgh University Press 2008), ll. 96, 220-1.
  2. 2.0 2.1 2.2 2.3 Alison Weir, Britain's Royal Families: The Complete Genealogy (Londain, U.K.: The Bodley Head, 1999), lch 165
  3. John of Fordun (Skene), Leabhar IV, II, lch. 135.
  4. Skene (1867), XVI, Chronicle of the Scots 1165, Cronica Regum Scottorum, lch. 131.
  5. Burke's peerage limited (1973). "Burke's guide to the Royal Family". Londain, Burke's Peerage.