Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire

Ba Briotanach é Séamas (19 Meitheamh, 156627 Márta, 1625). Séamas VI an t-ainm a bhí air mar Rí na nAlbanach, agus Séamas I mar rí Shasana.

Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire
JamesIEngland.jpg
Duke of Rothesay (en) Aistrigh

Meitheamh 19, 1566 - Feabhra 8, 1587 (Iúlach)
monarc na hAlban

Feabhra 8, 1587 (Iúlach) - Márta 27, 1625
Máire I, Banríon na nAlbanach - Séarlas I Shasana
monarc na hÉireann

Márta 24, 1603 (Iúlach) - Márta 27, 1625
Eilís I Shasana - Séarlas I Shasana
monarc Ríocht Shasana

Márta 24, 1603 (Iúlach) - Márta 27, 1625
Eilís I Shasana - Séarlas I Shasana
Saol
Eolas breitheCaisteal Dhún Éideann agus Dùn Èideann, 19 Meitheamh 1566
NáisiúntachtRíocht na hAlban
Ríocht Shasana
Ríoghacht Éireann
Áit chónaitheCaisteal Sruighlea
Teanga dhúchaisAn Albainis
BásTheobalds House (en) Aistrigh, 27 Márta 1625 (sa féilire Iúil)
Áit adhlacthaAbtheach Westminster
Cúis bháisbás nádúrtha (dinnireacht)
Muintir
AthairHenry Stuart, Lord Darnley
MáthairMáire I, Banríon na nAlbanach
Céile/CéilíAnne of Denmark (en) Aistrigh  (Samhain 23, 1589 -  Márta 2, 1619)
Páistí
Siblíní
TreibhTeaghlach na Stíobhartach
Oideachas
Alma matertutor (en) Aistrigh
TeangachaAn Albainis
an Béarla
MúinteoiríGeorge Buchanan (en) Aistrigh
Peter Young (en) Aistrigh
Adam Erskine (en) Aistrigh
David Erskine, Commendator of Dryburgh (en) Aistrigh
Gairm
Gairmfile, scríbhneoir, monarc agus uasal
Áit oibreDùn Èideann agus Londain
Saothar iomráiteachDaemonologie (en) Aistrigh
The True Law of Free Monarchies (en) Aistrigh
Basilikon Doron (en) Aistrigh
Some Reulis and Cautelis to be observit and eschewit in Scottis poesie (en) Aistrigh
De jure regni apud Scotos (en) Aistrigh
Duaiseanna
Cleamhnú
ReiligiúinAnglacánachas
Eaglais na hAlban
James I of England signature.svg

ÓigeCuir in Eagar

Mac le Máire I, banríon na nAlbanach agus leis an Tiarna Darnley ab ea é. Col ceathrair le Máire ab ea Eilís I, banríon Shasana, agus b'í Eilís máthair bhaistí Shéamais. Bhí Máire ina Caitliceach, ach ós rud é gur Protastúnaigh ab ea na tiarnaí Albanacha, bhí a lán cogaidh agus coimhlinte ann.

Nuair a bhí Máire torrach le Séamas, chuaigh cuid de na tiarnaí i gcomhcheilg le David Rizzio a dhúnmharú. Rúnaí agus cara le Máire ab ea Rizzio. D'fheall Darnley ar a bhean, agus bhí Séamas agus a mháthair i gcontúirt i dtólamh.

Sa deireadh, dúnmharaíodh Darnley féin, agus phós Máire an dúnmharfóir, an Tiarna Bothwell. Ach bhí fearg agus frustrachas ar na tiarnaí Albanacha anois. Mar sin caitheadh Máire i dtóin an phríosúin. Ghair na tiarnaí rí de Shéamus, cé nach raibh sé ach aon bhliain amháin d'aois.

Ard rí Alban agus Triath nan Eilean 1567–1625Cuir in Eagar

Bhí an choróin ag an mbuachaill, ach bhí an chumhacht ag na tiarnaí agus ag airíoch an rí. Bhí a lán uisce faoi thalamh ar siúl in aghaidh Shéamais, ach tháinig sé slán.

Chuir Séamas an Tiarna Morton, an t-airíoch, chun báis sa bhliain 1581, agus fuair sé seilbh cheart ar an ríchathaoir faoi dheoidh. Bhí sé cúig bliana déag d'aois san am, agus comhchealga eile ag bagairt air sna blianta a bhí le teacht. Tríd is tríd, bhí blianta a óige lán contúirte agus dhoirteadh fola.

Rí Shasana agus na hÉireann 1603–1625Cuir in Eagar

Sa bhliain 1586, chuir Eilís a col ceathrair, Máire, chun báis. Ó nach raibh clann ar bith ag Eilís, ba é Séamas a bhí ar an chéad oidhre ar choróin Shasana, de réir an chomharbais.

Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó. Tugadh Séamas I air, mar Rí Shasana. Aontas pearsanta idir Sasana agus Albain a bhí ann ansin, ach níor tháinig an t-aontas polaitiúil ar an bhfód roimh an mbliain 1707.

Ní raibh tuairim láidir ag Séamas i leith an chogaidh chreidimh ar dtús, ach sa bhliain 1605, rinne baicle Chaitliceach, agus fear arbh ainm dó Guy Fawkes i ceannas orthu, iarracht ar é a dhúnmharú, is é sin, Comhcheilg an Phúdair Ghunna. Ina dhiaidh sin, chuir Séamus an Caitliceachas faoi chois.

Bhí Cogadh an Tríocha Bliain ar siúl san Eoraip ar na saolta sin, agus Albain is Sasana ag tacú le taobhanna contrártha sa chogadh.

Bhí Séamas agus an Pharlaimint in achrann a chéile...

Séamas agus ÉireCuir in Eagar

Bhí ceannairí Éireannacha i gcoitinne sásta nuair a tháinig Séamas I i réim mar rí tar éis bhás Bhanríon Éilís I i 1603.[1],[2]

 
Plandáilː comóradh i nDoire sa Guildhall, 1913

Toisc gur fhág géillsinigh Rí Séamas Éire gan a chead, bheartaigh oifigigh ríoga gur cheannaircigh iad, agus dúradh gur leis an rí a dtailte ansin.[3] Tomhaiseadh formhór Chúige Uladh, rinneadh mapaí de agus glacadh cuntas ar cér leis cén talamh, go hoifigiúil. Ansin d’ullmhaigh siad scéim phlandála, bunaithe i bpáirt ar ar fhoghlaim siad ó Phlandáil na Mumhan. Ansin bhronn Séamas I an talamh maith sa cheantar ar eachtrannaigh as an Bhreatain.[4]

Saol agus ClannCuir in Eagar

Phós Séamus Áine, Banphrionsa na Danmhairge agus na hIorua, sa bhliain 1589. Bhí cúigear clainne acu. An mac ba sine a bhí acu, mar atá, Anraí, fuair sé bás in aois a ocht mbliana déag dó.

Cailleadh Áine sa bhliain 1619 agus Séamus féin sa bhliain 1625. Tugtha don ól, tháinig an gúta air, agus ansin thóg sé dinnireacht i Márta 1625. Chuir stróc na hordóga air faoi dheireadh.

Thit an choróin lena mac, Séarlas I, ansin.

TagairtíCuir in Eagar

  1. examinations.ie. "Stair na hÉireann, 1477-1625". Dáta rochtana: 2020.[nasc briste go buan]
  2. "Corpas". corpas.ria.ie. Dáta rochtana: 2020-03-27.
  3. COGG. "PLANDÁIL ULADH (lch 5)". Dáta rochtana: 2020.
  4. "Gleann Fhinne" (ga). Beo!. Dáta rochtana: 2020-03-27.