Dinnireacht
Ionfhabhtú stéige a chuireann tús le buinneach iomadúil, fuil is múcas san eisfhearadh. Shigella a chuireann tús le dinnireacht bhachaillíneach, a bhíonn éadrom gearrshaolach de ghnáth. Is é an prótasón Entamoeba histolytica a chuireann tús le dinnireacht aiméibeach, a bhíonn an-trom le buinneach dhian sheasmhach, fás easpaí aiméibeacha san ae agus damáiste dá fheidhmiú. Tá an dá chineál coitianta ar fud an Domhain, agus tarlaíonn siad nuair a bhíonn leibhéal na sláintíochta is na sláinteolaíochta go holc.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |