Buinneach
Dífhaecú minic faecais leathfhoirmithe nó leachtaigh é Buinneach (sciodar go minic). Tarlaíonn buinneach ghéar de bharr athlasadh na putóige, ceimiceán greannach sa bhia, nó ionfhabhtaithe le miocrorgánaigh (mar a tharlaíonn i ndinnireacht). Tarlaíonn buinneach ainsealach nó fhéiltiúil i gcás an-chuid galar ainsealach sa stéig bheag nó an stéig mhór (mar shampla, i ndrólainníteas). Torthaí suntasacha ar an mbuinneach is ea cailliúint uisce is salann ón gcolainn, agus b'fhéidir díhiodráitiú.
![]() |
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
![]() |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |