Dífhaecú
Is éard is dífhaecú[1] ann ná díbirt an fhaecais ón bputóg. Borrann an faecas an reicteam, agus trí ghníomhú athfhillteach dá bharr, crapann na matáin ansin, bogann iatóir inmheánach an anais go neamhdheonach, agus tagann mian dífhaecaithe ar dhuine. Tarlaíonn an dífhaecú go deonach trí chrapadh na matán sa bholg (teannadh) agus bogadh iatóir seachtrach an anais.[2]
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ ““dífhaecú” | téarma.ie”. Téarma.ie: An Bunachar Náisiúnta Téarmaíochta don Ghaeilge. An Coiste Téarmaíochta. Dáta rochtana: 2024-06-25.
- ↑ Hussey, Matt (2011). "Dífhaecú". Fréamh an Eolais. Coiscéim. p. 211.
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |