Séarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban

Bhí Séarlas I (19 Mí na Samhna 1600 - 30 Eanáir 1649) ina ar Shasana, Albain agus Éirinn. Tháinig sé i gcomharbacht ar a athair, Séamus I Shasana. Bhí sé i gcóróin ó 27 Márta 1625 go dtí gur chuir fórsaí na Parlaiminte chun báis é ar 30 Eanáir 1649. Nuair a tháinig deireadh leis an Interregnum faoi cheannas Oilibhéir Cromail, cuireadh an mhonarcacht ar bun arís agus cuireadh an mac ba shine leis i réim, mar Sheárlas II.

Infotaula de personaSéarlas I, Rí Shasana, na hÉireann agus na hAlban

(1636) Cuir in eagar ar Wikidata
Ainm sa teanga dhúchais(en) Charles I of England Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith19 Samhain 1600 (Iúlach)
Pálás Dhùn Phàrlain Cuir in eagar ar Wikidata
Bás30 Eanáir 1649 (Iúlach)
48 bliana d'aois
Londain Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisPionós an bháis (Dícheannadh)
Áit adhlacthaSt George's Chapel, Windsor (en) Aistrigh (1649–) Cuir in eagar ar Wikidata
Monarc Ríocht Shasana
27 Márta 1625 – 30 Eanáir 1649
← Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus ÉireSéarlas II Shasana →
Monarc na hAlban
27 Márta 1625 – 30 Eanáir 1649
← Séamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus ÉireSéarlas II Shasana →
Monarc na hÉireann
27 Márta 1625 – 30 Eanáir 1649
Diúc Eabhraic
6 Eanáir 1605 – 27 Márta 1625 Cuir in eagar ar Wikidata
Faisnéis phearsanta
ReiligiúnAnglacánachas agus an Eaglais Chaitliceach Rómhánach
Gníomhaíocht
Suíomh oibre Londain (1625–1649) Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmpolaiteoir, bailitheoir ealaíne, monarc Cuir in eagar ar Wikidata
Lá féile30 Eanáir Cuir in eagar ar Wikidata
Eile
Teideal uasalDiúc Eabhraic (1605–1625)
Prionsa na Breataine Bige
Monarc na hAlban
Monarc Ríocht Shasana
Monarc na hÉireann Cuir in eagar ar Wikidata
TeaghlachTeaghlach na Stíobhartach Cuir in eagar ar Wikidata
CéileHenrietta Maria na Fraince (1625–) Cuir in eagar ar Wikidata
PáisteSéarlas II Shasana, Henry Stuart, Diúc Gloucester, Henrietta Shasana, Charles James Stuart, Diúc Chorn na Breataine, Banphrionsa Anne Shasana, Séamas II agus VII, Banphrionsa Elizabeth Shasana, Mary Henrietta, an Banphrionsa Ríoga, Catherine Stuart Cuir in eagar ar Wikidata
AthairSéamas VI, Albain agus Séamas I, Sasana agus Éire  agus Anne na Danmhairge
SiblínHenry Frederick, Prionsa na Breataine Bige, Elizabeth Stuart, Banríon na Boihéime, Margaret Stuart, Robert Stuart, Diúc Chinn Tìre agus Latharna, Mary Stuart agus Sophia Shasana
Gradam a fuarthas
Síniú



Musicbrainz: fa77307d-72c7-40e2-88e3-1b94e6fdc1b3 Discogs: 5618180 Find a Grave: 1443 Project Gutenberg: 35716 Cuir in eagar ar Wikidata

Ar an 7 Meitheamh 1628, thug Séarlas I a aontú d'Achainí um Chearta[1][2].

Den chuid is mó léirigh an Achainí an tuairim a bhí ag na Tiarnaí agus na Teachtaí go raibh na rudaí seo a leanas in éadan dhlí Shasana, gan cead na Parlaiminte:[3]

  • cánacha a ghearradh (iasachtaí éigeantacha don Choróin san áireamh),
  • príosúnacht nó bású nach dtarlaíonn de réir "phróis chuí an dlí",
  • an dlí míleata a chur i bhfeidhm do sibhialtaigh seachas in aimsir chogaidh agus
  • saighdiúirí agus mairnéalaigh a chur ar billéad go héigeantach.
 
Séarlas I, Nollaig 1627

Dá thairbhe sin, is céim bhunúasach an Achainí i bhforbairt smaointe Sasanacha agus Mericeánacha, maidir leis an tsaoirse bhunreachtúil agus an rialtas bunreachtúil — mar shampla, an prionsabal nár cheart na fórsaí armtha a imlonnú chun críocha na slándála baile ach i gcásanna eisceachtúla amach is amach.

An Cogadh Cathartha

cuir in eagar

Faoin mbliain 1648, bhí an Chéad Chogadh Cathartha i Sasana críochnaithe agus an Pharlaimint i réim, a bhuíochas sin ar Oilibhéar Cromail agus ar cheannairí cumasacha eile. Faoi dheireadh na bliana ní raibh fágtha sa Pharlaimint ach feisirí ar mhian leo Séarlas I a thriail ar chúiseamh tréasa (dhíbir an Coirnéal Thomas Pride an chuid eile). Thaobhaigh Cromail leis na feisirí a raibh triail uathu (an “Rump”) agus bhí sé féin orthu siúd a shínigh barántas báis an Rí. Básaíodh Séarlas I ar 30 Eanáir 1649.

Féach freisin

cuir in eagar
  1. ""Achainí um Chearta"". téarma.ie. Dáta rochtana: 2020-06-07.
  2. nó "Achainí an Chirt"
  3. "UCD School of Law" (ga). www.facebook.com. Dáta rochtana: 2020-06-07.