Dícheannadh

scaradh iomlán an chinn ón cholainn, trí ghearradh

Is éard is dícheannadh ann ná scaradh iomlán an chinn ón gcorp. Bíonn gortú den sórt sin marfach go hiondúil do dhaoine agus don chuid is mó d’ainmhithe eile, ós rud é go mbaintear fuil ocsaiginithe don inchinn, agus baintear na feidhmeanna neamhdheonacha atá ag teastáil ón gcorp chun go bhfeidhmeodh gach orgán eile.

Dícheannadh i maisiú ó Chroinicí Froissart ó thús an 15ú haois – bású Ghuillaume Sans agus a rúnaí i bBordeaux ar ordú Thomas Felton