Plandálacha na hÉireann
Cuireadh Plandálacha ar bun in Éirinn le linn an 16ú agus 17ú haois, fud fad na tíre, trí thalamh a choigistiú ó ríshleachtana na nGael agus na Sean-Ghaill.
Forbhreathnú
cuir in eagarTharla an chuid is mó choigistithe i ndeisceart agus i dtuaisceart na tíre, is é sin i gCúige Mumhan agus i gCúige Uladh. Bhronn an Choróin talamh ar na coilínigh ("plandálacha") ón Bhreatain Mhór. Ba le linn réimis Anraí VIII a thosaigh an próiseas seo agus lean sé ar aghaidh nuair a bhí na banríonacha Máire I agus Eilís I i gcumhacht. Bhí an nós imeachta brostaithe go mór faoi Shéamas VI, Shéarlas I agus Chromail.
Ba ghnách do na luathphlandálacha sa 16ú haois a bheith bunaithe ar coilíneachtaí bheaga "eiseamláireacha". Bhí na plandálacha, níos déanaí ar aghaidh, bunaithe ar oll-urghabhálacha tailte ó úinéirí Éireannacha agus tar éis sin iompórtáil an iliomad lonnaitheoirí ó Shasana, Albain agus an Bhreatain Bheag.
Tharla na plandálacha oifigiúla deireanacha faoi Chomhaltas Shasana agus Chosantóireacht Chromail, le linn na 1650idí, nuair a lonnaíodh na mílte saighdiúirí Parlaiminteacha in Éirinn. Diomaite de na plandálacha, lean inimirce shuntasach anonn ar aghaidh go maith chun na hÉireann, ón Bhreatain Mhór agus ón Eoraip, san 18ú haois.
D'athraigh na plandálacha déimeagrafaíocht na hÉireann toisc gur cruthaíodh pobail mhóra le féiniúlacht Bhriotanach agus Phrotastúnach. Tháinig scothaicme na bpobal seo in ionad ar an sean aicme cheannais de chuid an phobail Chaitlicigh, grúpa a chiomhroinn, le mhórphobal na mbundúchasach, féiniúlacht choiteann Éireannach agus Chaitliceach. Sheas an lucht cinsil nua, áfach, ar son leasa na Sasanach agus na nAlbanach araon.
Athraíodh an cineál sochaí a bhí ann go dtí sin, de réir a chéile, go fisiceach agus go heacnamaíoch, le tabhairt isteach coincheapa nua úinéireachta, trádála agus creidmheasa. Is é an toradh a bhí ar seo ná aicme cheannais Phrotastúnach Bhriotanach a bhunú, a dhaingnigh údarás rialtas na Corónach in Éirinn sa 17ú haois.
Na luathphlandálacha (1556–1576)
cuir in eagarTharla na luathphlandálacha in Éirinn le linn Choncas na dTúdarach. Bhí sé beartaithe ag rialtas na Corónach i mBaile Átha Cliath an tír a thabhairt chun síochána agus í a ghalldú faoi riail na Sasanach agus an aicme cheannais dhúchasach a ionchorprú isteach san uasaicme Sasanach. Bhí Éire le bheith ina gabháltas síochánta agus iontaofa, gan baol ar éirí amach nó ar ionraí choigríche. Cibé áit ar theip ar an pholasaí 'géilleadh agus athbhronnadh', bhí an talamh coigistithe agus plandálacha Sasanacha curtha ar bun.
Chun na críche sin, glacadh dhá chineál plandála sa dara leath den 16ú haois. Ba é an chéad chineál ná an "phlandáil eiseamláireach", ina gcuireadh coilíneachtaí beaga de Shasanaigh modhfheirmeacha ar bun go bhféadfadh an Gaeil aithris a dhéanamh orthu. Bunaíodh coilíneacht amháin den sórt sin sna 1560s déanacha, i gCiarraí Cuirche, in aice le cathair Chorcaí, ar thalamh ar léas ón Iarla Deasmhumhan.[1]
Leag an dara chineál an treocht i dtreo pholasaí na Sasanach in Éirinn, don todhchaí. Bearta pionósacha a bhí i gceist, Sasanaigh nó Albanaigh a lonnú ar thailte a bhí coigistithe tar éis éirí amach a bhith curtha faoi chois. Ba é an chéad scéim ná Plandáil Uíbh Fhailí, (Béarla:Plantation of King's County), agus Plandáil Laoise, nó (Béarla:Plantation of Queen's County), sa bhliain 1556, agus iad á n-ainmniú i ndiaidh na monarcaí nua Caitliceacha, Pilib agus Máire, faoi seach. Ainmníodh na bailte contae nua Philipstown (An Daingean anois) agus Maryborough (Port Laoise anois). Ritheadh Acht whereby the King and Queen's Majesties, and the Heires and Successors of the Queen, be entituled to the Counties of Leix, Slewmarge, Irry, Glinmaliry, and Offaily, and for making the same Countries Shire Grounds."[2]
Bhí de nós ag Gaeil na háite sin, Clann Uí Mhórdha agus Clann Uí Chonchúir ruathair a dhéanamh ar an Pháil timpeall ar Áth Cliatha agus eallach agus maoin eile a ghoid. Chuir siad isteach fosta ar lucht trádála agus ar lucht taistil agus iad ar a mbealach ó bhaile mór amháin go dtí ceann eile. Chinn Fear Ionaid an Rí in Éirinn, Thomas Radclyffe go ndéanfar iad a díshealbhú agus coilínigh dhílse Phrotastúnacha ó Shasana a thabhairt isteach ina áit. Mar sin féin, níor éirigh go raibh mhaith leis an tionscnamh. Theith na Móraigh agus muintir Uí Chonchúir isteach sna cnoic agus portaigh, agus chuaigh siad i mbun treallchogaíochta in aghaidh na Sasanach ar feadh cuid mhaith de na 40 bliain ina dhiaidh sin. Sa bhliain 1578, d'éirigh leis na Sasanaigh na Móraigh a chur faoi chois nuair nár tháinig mórán duine slán ón ár a rinne saighdiúirí an Iarla Sussex orthu ag Mullach Maistín. Bhí Ruairí Óg Ó Mórdha, ceannaire an éirí amach sa cheantar, á thóraíocht ag na Sasanaigh agus maraíodh níos déanaí é an bhliain sin. Chuir an foréigean leanúnach sa cheantar moill ar dhaoine a mhealladh chun na háite. Ní raibh sa phlandáil sa deireadh ach shraith lonnaíocht cruinnithe timpeall dúnfoirt.[3][4]
Theip ar phlandáil eile in oirthear Uladh sna 1570í. Bhí sé i gceist coilínigh ó Shasana a phlandáil ar thailte Chlann Domhnaill agus Chlann Aodha Bhuí Uí Néill, ag súil go gcuirfidís bac ar an gcaidreamh idir na Gaeil ar dhá thaobh Sruth na Maoile agus stop a chur leis an sreabhadh gallóglach (saighdiúir tuarastail) eatarthu. Fuair Sir [[Walter Devereuxan, 1ú Iarla Essex| Sir Walter Devereux}} agus Sir Thomas Smith conradh an concas a bhaint amach.
De réir go raibh sé buartha faoi cheann droichid Sasanach i gCúige Uladh a bheith tógtha, chabhraigh Toirealach Luineach Ó Néill, lena ghaolta Clann Aodha Bhuí Uí Néill. Ghlaoigh Clann Domhnaill i nGlinntí Aontroma, faoi cheannaireacht Shomhairle Buí Mac Domhnaill freisin ar trúpaí athneartaithe óna ghaolta sna Garbhchríocha agus sna hOileáin Siar.[5]
Mheathlaigh an phlandáil sa deireadh thiar thall, nuair a thug na Gaill faoi ainghníomhartha in aghaidh na nGael áitiúil sula éirigh siad as an tionscnamh ar fad. Dúnmharaíodh an Tiarna Briain Mac Fheilim Ó Néill, maille leis a bhean agus 200 dá fhine, ag féasta a bhí eagraithe ag an tIarla Essex, sa bhliain 1574.
Ghlac Francis Drake (níos déanaí ina bhuaiteoir ar Armáid na Spáinne), a bhí fostaithe an t-am sin ag an Iarla Essex) páirt i sluaíocht chabhlaigh gan choinne chuig Reachlainn, sa bhliain 1575, a chríochnaigh in ár ar 500 duine de Chlann Dhomhnaill. Dé réir Harrys Kelsey: Drake's own role in the massacre is unclear.[6]
An bhliain dár gcionn, de réir go raibh Eilís I ag éirí suaite faoi marú na sibhialtaigh, d'ordaigh sí stop a chur ar an bhfeachtas.[7]
Plandáil na Mumhan (1586 ar aghaidh)
cuir in eagarBa í Plandáil na Mumhan sna 1580í an chéad ollphlandáil in Éirinn. Tionscnaíodh í mar phionós mar gheall ar an Dara Éirí Amach i nDeasmumhain (1579-83), nuair a d'éirigh ríshliocht Mhic Gearailt Dheasmumhain in aghaidh síorchur isteach na Sasanach. Bhí ríshliocht Mhic Gearailt Dheasmumhain díothaithe ag deireadh an reibilúin agus bhí a gcuid eastát bainte díobh. Bhain na Sasanaigh leas iomlán as an deis coilínigh ó Shasana agus as an Bhreatain Bheag, a lonnú sa Chúige, ag súil go mbeadh na coilínigh in ann bheith ina sciath chosanta i gcoinne a thuilleadh éirí amach. Sa bhliain 1584, thug Suirbhéir-Ghinearál na hÉireann (nó an tArd-Suirbhéir) Sir Valentine Browne agus coimisiún suirbhé ar tailte coigistithe na Mumhan chun iad a bhronnadh ar Ghealltóirí Sasanacha nó English Undertakers, ar dhaoine rachmasacha iad a bhí in ann tionóntaí a iompórtáil ó Shasana le dul i mbun oibre ar a gcuid tailte nua. bhí ar na Ghealltóirí bailte nua a thógáil agus na ceantair a bhí fhorghafa acu a chosaint ó ionsaí.[8]
Chomh maith le hiar-eastáit na nGearaltach (a bhí scaipthe trí na contaetha an lae inniu, Luimneach, Corcaigh, Ciarraí agus Tiobraid Árann, ) thóg an suirbhé isteach freisin tailte na dteaghlach eile a thacaigh leis an an reibiliún in gCiarraí agus in iar-theas Chorcaí. Mar sin féin, bhí an lonnaíocht anseo neamhiomlán, toisc gur argóin an chlann rialaithe -Clann Mhic Chárthaigh Mhóir- gur leosan an talamh mar nach raibh sna reibiliúnaithe ach a gcuid tionóntaí. Da bhrí sin, baineadh talamh ó chuid de na tionóntaí Sasanacha nua nuair a d'éirigh leis na tiarnaí Gaelacha achomhairc a bhuachan in aghaidh díshealbhaithe a gcuid cleithiúnaithe.[9]
Bhí earnálacha eile den phlandáil trína chéile.Thug John Popham 70 tionónta i dtír ó Somerset, ach ina dhiaidh sin fuair sé amach go raibh an talamh socraithe cheana féin ag Gealltóir eile, agus dá dheasca sin, bhí sé de dhualgas air na tionóntaí a thabhairt ar ais ina bhaile.[10] Mar sin féin, bhí timpeall ar 500,000 acra (2,000 km ²) plandáilte ag tionóntaí ó Shasana. Bhí súil an qn Choróin go mealladh an lonnaíocht suas le 15,000 tionónta, ach léiríodh tuarascáil sa bhliain 1589 gur mheall na Gealltóirí 700 Sasanach san iomlán. Cuireadh seo daonra na Sasanach sa Mhumhan gearr don fhigiúr 3-4000, uimhir a bhí i bhfad faoi bhun an fhigiúir réamh-mheasta.[11] Thug staraithe faoi deara gur ceann an teaghlaigh é gach tionónta, agus gur dóigh go raibh sé ag ionadaíocht ar a laghad i gcomhair 4-5 daoine eile. Chuirfeadh sé seo daonra na Sasanach sa Mhumhan níos gaire do thrí nó ceithre mhíle duine, ach bhí sé fós go mór faoin bhfigiúr réamh-mheasta.[12]
Bhí ceaptha ag an bPlandáil seo go mbeadh lonnaíochtaí dlúth inchosanta ann, ach i ndáiríre, bhí na lonnaíochtaí scaipthe in áiteanna áirithe ar fud an chúige, pé áit a raibh talamh a choigistiú. Fuair na Gealltóirí saighdiúirí Sasanacha i dtús báire chun iad a chosaint, ach bhí deireadh leis seo sna 1590í. Bhí Plandáil na Mumhan in ainm a bheith ábalta lonnaíochtaí inchosanta dhlúth a fhorbairt, ach bhí na lonnaitheioirí Sasanacha scaipthe i bpócaí ar fud an Chúige, cibé áit a bhí talamh acu. I dtús báire, tugadh díorma saighdiúirí dóibh chun iad a chosaint, ach cuireadh deireadh leis an scéim seo sna 1590í. Mar thoradh air sin, nuair a bhris Cogadh an Naoi mBliana amach, - sé sin an t-éirí amach in aghaidh riail Shasana - a shroich an Mumhain sa bhliain 1598, ruaigeadh an chuid is mó de na lonnaitheoirí as a gcuid tailte gan troid. Bhain siad tearmann amach sna bailte múrtha nó theitheadar ar ais go Sasana. Ach, nuair a cuireadh an t-éirí amach faoi chois, sna blianta 1601-1603, athbhunaigh Gobharnóir na Mumhan, George Carew an Phlandáil.[13]
Mar thoradh air sin, nuair a tháinig Cogadh na Naoi mBliana - an t-éirí amach i gcoinne riail Shasana - chun na Mumhan sa bhliain 1598, bhí an chuid is mó de na tionóntaí ruaigthe as a gcuid tailte gan troid. Thóg siad dídean sna bailte cosanta nó theith siad ar ais go Sasana. Ach nuair bhuaigh ar an t-éirí amach sna blianta 1601-03, d'athchruthaigh Gobharnóir na Mumhan, George Carew [14] an Phlandáil.
Plandáil Uladh (1606 ar aghaidh)
cuir in eagarRoimh Chogadh na Naoi mBliana sna 1590idí, ba's Cúige Uladh an céatadán is mó de lucht na nGael in Éirinn agus bhí na Gaeil in Ultaibh, neamhchosúil leis an gcuid eile sa tír, iomlán saor ó smacht na nGall. Chríochnaigh an cogadh, a lean ó 1594 go dtí 1603, i ngéilleadh na dTiarnaí Ó Néill agus Ó Domhnaill, do choróin Shasana, ach chomh maith le sin, d'íoc rialtas Shasana in Éirinn go daor as, ó thaobh chostais agus stádais. Thairis sin, sa ghearrthéarma ba theip a bhí ann, mar go bhfuair na reibiliúnaigh téarmaí géilliúna a bhí an-fhial ar fad. Fuair na Gaeil mórán dá gcuid tailte ar ais, ach é sin faoi dhlí Shasana. Mar sin féin, nuair d'éalaigh Aodh Ó Néill agus na hIarlaí reibiliúnacha eile Éire, sa bhliain 1607 (Imeacht na nIarlaí a thugtar air) chun cúnamh a lorg ó Rí Pilib III na Spáinne, thapaigh an Leas-Tiarna, Arthur Chichester, an deis chun an chúige a phlandáil agus tailte na nIarlaí agus a lucht leanúna a fhógairt forghéillte. Ar dtús, bhí plandáil measartha beag i gceist ag Chichester, lena n-áirítear deontais mór do Thiarnaí dúchais na nGael a thaobhaigh leis sa chogaidh. Mar sin féin, chuir éirí amach Chathaoir Uí Dhochartaigh, sa bhliain 1608, isteach ar a phlean. Cheap Ó Dochartaigh nach bhfuair sé luach a shaothair ar a ról sa chogadh mar iar-chomhghuaillí na Sasanach.
Cuireadh an t-éirí amach faoi chois go tapa agus cuireadh chun báis é agus crochadh a cheann in airde ar phíce i mBaile Átha Cliath mar phionós don 'audacious traitor'. Thug an eachtra seo leithscéal do Chichester na Gaeil uilig a díshealbhú.
Sa bhliain 1603, fuair Eilís I bás, agus fuair Séamas coróin Shasana mar ba dhual dó, Séamus I Shasana de Séamus VI na hAlban. Aontaíodh an dá ríocht Sasana agus Albain agus ar ndóigh, fuair an rí nua seilbh ar Ríocht na hÉireann - a bhí i seilbh na Sasanach. Díoladh Plandáil Uladh dó mar comhpháirteach "Briotanach", .i. Sasana agus Albain, a bhí mar aidhm aige ná Ulaidh a shíothlú agus shibhialú. Mar sin, bhí ar a laghad leath na gcoilíneach as Albain. Tar éis Imeacht na nIarlaí ghabh Rí Séamus sé cinn de na naoi gcontae i gCúige Uladh le haghaidh na plandála oifigiúla - Ard Mhacha, Fear Manach, An Cabhán, Cúil Raithin, Dún na nGall agus Tír Eoghain.
Bhí dhá fhachtóir chun chinn sa phlean, ceann amháin nach raibh an socrú scriosta ag éirí amach (faoi mar a tharla i gCúige Mumhan). Chiallaigh sé seo go mbeadh an talamh uilig a choigistiú agus ansin bhí sí athdháilte amach le haghaidh comhchruinnithe na gcoilíneach Briotanach a chruthú, i mbailte agus i ngarastúin nua, seachas an lucht plandála a shocrú i bpócaí scoite de thalamh a bhí choigiste ó na Gaeil, Níos mó na sin, bheadh toirmeasc sainráite ar na húinéirí talún nua tionóntaí Gaelacha a ghlacadh agus bheadh orthu tionóntaí a allmhairiú ó Shasana agus ó Albain. Bheadh cosc ar na plandálacha talamh a dhíol do na hÉireannaigh.
Ba é an dara mórfhachtór a d'imir tionchar ar an Phlandáil ná an t-idirbheartaíocht idir grúpaí leasa éagsúla ar thaobh na Breataine. Bhí príomhúinéirí talún le bheith ina Ghealltóirí, fir saibhir ó Shasana agus ó Albain a gheall go dtógaidís tionóntaí as a gcuid eastát féin leo ón Bhreatain. Dheonaítí thart ar 3,000 acra (12 km ²) an duine orthu, ar choinníoll go lonnaídís ar a laghad 48 fear fásta (lena n-áirítear ar a laghad 20 teaghlach) a raibh orthu bheith ina gcainteoirí Béarla agus ina bProtastúnaigh. Mar sin féin, d'éirigh le bhfeachtas na n-ársaí chogaidh in Éirinn (ar a dtugtar Seirbheoirí) agus a bhí faoi stiúir Arthur Chichester, gur chóir go mbronnfar deontas talún dá gcuid féin orthu. Ós rud é nach raibh go leor caipitil príobháideach acu chun an coilíniú a mhaoiniú, thug Cathair Londain (an earnáil airgeadais i Londain) fóirdheontas dóibh chun rannpháirtíocht a ghlacadh sa tionscnamh. Deonaíodh freisin a bhaile féin (Doire, a ainmníodh go hoifigiúil 'Londonderry', cé go dtugtaí Doire uirthi go hiondúil sa ghnáthchaint) agus tailte dóibh. Ba í Eaglais na hÉireann an mórfhaighteoir deireanach eile, bronnadh na heaglaisí agus na tailte go léir a bhí roimhe sin in úinéireacht ag an Eaglais Chaitliceach Rómhánach uirthi. Bhí sé i gceist go n-iompaíodh cléir ó Shasana agus ón Pháil na Gaeil ina bProtastúnach.
.
Bhí rath measctha ag na Sasanaigh agus Albanaigh sa Phlandáil. Faoi na 1630í, bhí 20,000 duine fásta fireann de lonnaitheoirí Sasanacha agus Albanacha i gCúige Uladh, rud a chiallaigh go bhféadfadh go raibh daonra na lonnaitheoirí chomh hard le 80,000 go 150,000. Ba thromlaigh áitiúla den daonra iad i nGleann na Finne agus i nGlann an Fheabhail (thart ar Dhoire an lae inniu agus oirthear Dhún na nGall) i dtuaisceart Ard Mhacha agus in oirthear Thír Eoghain. Bhain na plandálacha lonnaíochtaí substaintiúila amach ar thailte neamhoifigiúil i dtuaisceart an Dúin, faoi stiúir James Hamilton agus Hugh Montgomery
Plandálacha níos déanaí (1610-1641)
cuir in eagarTharla roinnt plandálacha beaga eile faoi réimeas na Ríthe Seacaibíteacha - Séamas I agus Séarlas I - go luath sa 17ú céad. Tharla an chéad cheann díobh seo i dtuaisceart Chontae Loch Garman sa bhliain 1610, áit a tharla coigistiú tailte ón gClann Mhic Murrough Caomhanach.
Ós rud é go bhfuair an chuid is mó de na teaghlaigh le talamh in Éirinn í trí choigistiú éigeantach, sna ceithre chéad bliain roimhe sin, cé is moite de na Nua-Ghaill, ní raibh teideal dlíthiúil cuí ach ag fíorbheagán acu.
Dá thoradh sin, d'fhonn teideal cuí a fháil bhí iallach orthu an ceathrú cuid dá gcuid tailte a chailliúint. Úsáideadh an polasaí seo i gcoinne na gCaomhanach i Loch Garman agus ina dhiaidh sin in áiteanna eile freisin, chun eastáit na gCaitleachach a bhriseadh suas (ach go háirithe cinn na nGael) ar fud na tíre). Tar éis an fhasaigh a leagadh síos i Loch Garman, bhí plandálacha beaga eile curtha ar bun i Laois agus Uíbh Fhailí, An Longfort, Liatroim agus Tiobraid Árann Thuaidh.
Chun sampla amháin a ghlacadh, sa bhliain 1626 bhunaigh an rí Séamas I a theideal úinéireachta ar Osraí Uachtarach i gContae Laoise, ina iomlán, lena n-áirítear mainéar Uí Fhairchealláin.
D'éiligh Séamas oidhreacht ríoga ón teaghlach de Clare ag an cúistiúnacht talún a tionóladh i bPort Laoise (nó Maryborough) agus thionscain sé plandáil an limistéir, sa bhliain 1626. Dhiúltaigh John Fitzpatrick, Barún Osraí Uachtarach, mainéar Bhaile an Chaisleáin a chur faoi bhráid na plandála. Sa bhliain 1537, d'aontaigh Brian MacGiolla Phádraig, sinsearach Fitzpatrick, Osraí Uachtarach a ghéilleadh don rí Anraí VIII agus athbhronnadh an tiarnas faoi dhlí Shasana dó agus ceapadh é ina Bharún Osraí Uachtarach, sa bhliain 1541.
Éirí Amach 1641
cuir in eagarI mí Dheireadh Fómhair 1641, tar éis drochfhómhair agus in aeráide pholaitiúil bhagartha, sheol Féilim Ó Néill ceannairc, ag súil casaoidí éagsúla na n-úinéirí talún Caitliceach a cheartú. Mar sin féin, nuair a bhí an t-éirí amach ar siúl, tháinig fearg na nGael chun fiuchta i gCúige Uladh i n-ionsaithe neamhairdiúila ar na coilínigh. D'ionsaigh na Caitlicigh Éireannacha na plandálacha ar fud fad na hÉireann, ach go háirithe i gCúige Uladh. Thuairiscigh scríbhneoirí Sasanacha ag an am go raibh os cionn 100,000 íospartach Phrotastúnach básaithe ach mheas William Petty, ina suirbhé sna 1650í, go bhfuair thart ar 30,000 bás. Le déanaí, áfach, tugtar le fios ó thaighde bunaithe ar scrúdú na dtaiscí a d'fhág na dídeanaithe Protastúnacha, a bailíodh sa bhliain 1642, gur maraíodh 4,000 coilínigh go díreach san eachtra agus b'fhéidir suas le 12,000 eile ó ghalar nó easnamh tar éis iad a bheith díbeartha as a dtithe.
Coigistiú talaimh d'fhórsaí Chromail (1652)
cuir in eagarBhí Éireannaigh na Comhdhála ag súil ar bhua na Ríogach i gCogadh na dTrí Ríocht, ionas go bhféadfadh siad a bheith dílis do Shéarlas I agus iachall a chur air glacadh leis i n-éileamh - lena n-áirítear caoinfhulaingt reiligiún i gcomhair na gCaitliceach, féin-rialtas na hÉireann agus deireadh a chur le polasaí plandála. Mar sin féin, cloíodh lucht tacaíochta an Rí, i gCogadh Cathartha Shasana ag lucht tacaíochta na Parlaiminte (Parliamentarians) nó na 'Maolchinn' faoi cheannas Chromail. Bhí lucht Chromail tiomanta i dtreo athghabháil na hÉireann agus bearta a dhéanamh chun go bpionósófar iad siúd a bhí freagrach as Éirí Amach 1641. Sa bhliain 1649, bhain Cromail agus a Mhodh-Arm Nua tír na hÉirinn amach agus sa bhliain 1652, bhí an concas ina iomlán beagnach aige.
Socraíocht níos déanaí
cuir in eagarI gcás an chuid eile den 17ú haois, rinne na Caitlicigh in Éirinn iarracht fáil réidh le Acht an tSocraithe. Bhain siad seo amach, go hachomair, faoin rí Séamus II, i rith Chogadh an Dá in Éirinn, ach spreag briseadh na Seacaibíteach bhabhta eile de choigistiú talún. Chonaic na 1680í agus 90í tonn mhór eile lonnaíochta in Éirinn (cé nach phlandáil eile í). Ba Albanaigh go príomha iad na daoine nua seo, na mílte díobh ag éalú ó ghorta ó ísealchríoch agus ó dheisceart na hAlban. Ba ag an bpointe seo a rinneadh an pobal Protastúnach agus daoine de shliocht na hAlban (ar Phreispitéirigh iad de ghnáth) tromlach glan de dhaonra Chúige Uladh. Lonnaigh grúpa eile in Éirinn ag an am seo freisin, na Úgónaigh, a bhí díbeartha as an Fhrainc tar éis aisghairme Fhorógra Nantes, sa bhliain 1685. Ba iarshaighdiúirí cuid mór de na Francaigh, a throid ar an taobh Chlann Bhullaí in Éirinn.
Torthaí fadtréimhseacha
cuir in eagarBhí tionchar domhain ag na plandálacha ar Éirinn ar bhealaí éagsúla. An chéad cheann, ba ea scrios na n-uasaicmí dúchasach agus curtha ina n-ionad, Cinsealacht Phrotastúnach, de bhunadh na Breataine-(Sasanaigh den chuid is mó) úinéirí talún Protastúnach. Bhí a seasaimh teanntaithe ag na Péindlíthe, a dhiúltaigh cearta polaitiúla agus talamh do Chaitlicigh agus go feadh méid éigin do Phreispitéirigh.
Tagairtí
cuir in eagar- ↑ Colm Lennon, Sixteenth Century Ireland, the Incomplete Conquest, pp. 211–213
- ↑ 3 & 4 Phil & Mar, c.2 (1556). The Act was repealed in 1962 Curtha i gcartlann 2012-10-11 ar an Wayback Machine.
- ↑ Lennon pp. 169–170
- ↑ Nicholas Canny, Making Ireland British 1580–1650, pp. 128–129
- ↑ Lennon, pp. 276–282
- ↑ Harry Kelsey, ‘Drake, Sir Francis (1540–1596)’, Oxford Dictionary of National Biography, Oxford University Press, Sept 2004; online edn, May 2007. Retrieved 8 November 2007.
- ↑ Lennon p. 279
- ↑ Lennon pp. 229–230
- ↑ Lennon p. 234
- ↑ Daniel Macarthy, The Letter Book of Florence MacCarthy, p. 16
- ↑ Canny, Making Ireland British, p. 146
- ↑ Canny, Making Ireland British, p. 146
- ↑ Canny pp. 162–164
- ↑ Canny pp. 162–164