Ruairí Óg Ó Mórdha

reibiliúnach Éireannach

Bhí Ruairí Óg Ó Mórdha (1538 -1578) ina thaoiseach Éireannach.

Infotaula de personaRuairí Óg Ó Mórdha

Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith1538
Bás1578 (Féilire Ghréagóra)
39/40 bliana d'aois

I dtús a shaol cuir in eagar

An dara mac Ruairí Uí Mhórdha, captaen Laoise, agus Margaret, iníon Thomáis de Buitléir agus gariníon Phiers de Buitiléir, an t-ochtú iarla Urumhan]]. Ceann de na cineálacha Gaelacha is tábhachtaí ab ea a theaghlach.

Cúlra teaghlaigh cuir in eagar

Ba mhac Chonaill Uí Mhórdha (fl. 1554) é Ruairí Caoch Ó Mórdha, a athair, agus go luath bhí carachtar  an taoisigh rathúi bainte amach aige.

Nuair a d'éag Conall bhris aighneas amach idir a triúr mac- Kedagh [sic], Ruairí,agus Lysaght [sic], agus a n-uncail Peadar, a raibh ina Thánaiste, agus ina  chomharba  teaghlaigh. Ar dtús, bhí cairdeas aige Peadar leis na Buitléitigh. Mar thoradh air sin, thug Fear Ionaid an Rí, an Tiarna Leonard Gray, tacaíocht do na mic; agus, cé gur admhaíodh go raibh Peadar ina thaoiseach, tré chleas, ghabh Gray é agus bhuail sé slabhraí air ar feadh tamall. Maraíodh Lysaght agus oirníodh Kedagh ina thaoiseach, ach d'éag sé go tobann sa bhliain 1542, agus oirníodh an tríú deartháir Ruairí mar thaoiseach.[1] Ghlac Ruairí Caoch, ar an 13 Bealtaine 1542, páirt sa phróiseas Géilleadh agus Athbhronnadh, faoin ainm galldaithe "Rory O'More of Lex".[2]


D'fhág Kedagh mac den ainm céanna ina dhiaidh, agus sa bhliain 1565, d'iarr sé ar an Ríchomhairle i mBaile Átha Cliath oidhreacht a athair a thabhairt ar ais dó. I ndeontas ina dhiaidh sin, chuig a mhac is sine, rinneadh tagairt dá sheirbhísí don Rí Éadbhard VI ; ach chuir ordú den 15 Márta 1550-1 cosc ar dhuinee den sloinne Ó Mórdha talamh a bheith ina seilbh i Laois. [1]

Am éigin, idir 1550 agus 1557 maraíodh Ruairí Ó Mórdha, agus tháinig Conall Ó Mórdha i gcomharbacht air, d'fhéadfadh gurb é a Conall Óg Ó Mordha (nó Connell Oge O'More) a bhí luaite sa bhliain 1556, sa lonnaíocht Laoise. Cuireadh chun báis é sa bhliain 1557.

Sa bhliain 1556 cheadaigh an Bhanríon Mhuire Acht "....whereby the King and Queen's Majesties, and the Heires and Successors of the Queen, be entituled to the Counties of Leix, Slewmarge, Irry, Glinmaliry, and Offaily, and for making the same Countries Shire Grounds." [3] Rinne seo dha chontae, Contae na Banríona (Contae Laoise anois) agus Contae an Rí (anois Contae Uíbh Fhailí), agus ar an mbealach sin Clann Uí Mhordha a chuir as seils agus tús a chur le Phlandálacha na hÉireann.

Éirí Amach cuir in eagar

Bhí Ruairí Óg Ó Mórdha, an dara mac, go leanúnach i mbun éirí amach. Fuair ​​sé pardún ar an 17 Feabhra 1565-6, ach sa bhliain 1571 maíodh go raibh sé contúirteach, agus sa bhliain 1572 bhí sé ag troid le Tomás de Buitléir, 10ú Iarla UrumhanhIarla Urumhan agus leis an bhanríon Eilís. Bhí an t-ádh air, toisc fórsaí laga a bheith faoi cheannas Francis Cosby, seanascal Chontae na Banríona, agus asláithreachtshealadachsh Urumhain i Sasana. Bhí na de Buitléirigh agus na Gearltaigh ina choinne; ach nuair a d'éalaigh Iarla Deasumhan ó Bhaile Átha Cliath i mí na Samhna 1572, ba é Ruairí Óg Ó Mórdha a thug tionlacan airm dó trí Chill Dara agus cosaint dó i Laois.[4] Bhí sé páirteach i bpleananna Iarla Chill Dara sa bhliain 1574, agus ghabh na Sasanaigh é i mí na Samhna. Ach go luath ina dhiaidh sin saoradh é.

Sir Henry Sidney, an fear a d'ordódh a dhúnmharú, bhaist sé 'an obscure and base varlet' ar Ó Mórdha. Nuair a bhí sé ar a thuras sa bhliain 1575, scríobh Sidney faoi: Rory Oge O'More hath the possession and settling-place in the Queen's County, whether the tenants will or no, as he occupieth what he listeth and wasteth what he will. [1] }}

Tagairtí cuir in eagar

  1. 1.0 1.1 1.2 Archbold 1895.
  2. "Lineage and the terms of his "surrender and regrant" settlement online". Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2014-10-08. Dáta rochtana: 2018-02-10.
  3. 3 & 4 Phil & Mar, c.2 (1556).
  4. cf. 12th Rep. Dep.-Keep. Publ. Rec. Ireland, p. 78.