Ainm coitianta is ea "Imeacht na nIarlaí" ar imeacht Aoidh Mhóir Uí Néill (Iarla Thír Eoghain) agus Ruairí Uí Dhomhnaill (Iarla Thír Chonaill), sa bhliain 1607 agus suas le 100 duine eile in éindí leo.[1][2] Chuir na huaisle Gaelacha fúthu ar an Mór Roinn, go háirithe i dtíortha Chaitlicigh na hEorpa, ar nós na Fraince agus na Spáinne.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtImeacht na nIarlaí
Íomhá
Map
 55°05′N 7°33′W / 55.09°N 7.55°W / 55.09; -7.55
Cineáltarlú Cuir in eagar ar Wikidata
Imeacht na nIarlaí (léarscáil)
Aodh Uí Néill (Iarla Thír Eoghain)

Glactar leis gurbh é Imeacht na nIarlaí ó Ráth Maoláin i nDún na nGall sa bhliain 1607 buille an bháis don seanchóras Gaelach. Éascaíodh Plandáil Uladh dá bharr sin.

'Teitheadh na nIarlaí' a thugtar ar an imeacht freisin, ón mBéarla 'Flight'; chuir an staraí, an tAthair C.P. Meehan, 'Flight' ar an scéal don chéad uair sa bhliain 1868, ach níl sé soiléir gur 'Teitheadh' a bhí ann ar chor ar bith.

Cuimneachán inniu, Ráth Maoláin

Cúlra cuir in eagar

Ba iad Aodh Ó Néill, iarla Thír Eoghain, agus Aodh Rua Ó Domhnaill na cinnirí a bhí ar na Gaeil le linn Chogadh na Naoi mBliana.

Tar éis Chath Chionn tSáile i 1601, chúlaigh taoisigh na nGael go Cúige Uladh, agus ghéilleadar do na Sasanaigh i 1603.

Lean na coilínithe orthu á gciapadh áfach mar gur shíl siad go raibh an Leasrí ró-bhog ar na daoine a chuir cogadh orthu. Sa deireadh bheartaigh Ó Néill agus Ruairí Ó Domhnaill, a bhí ina chomharba ar Aodh Rua, ar imeacht as a dtailte.

 
Loch Suilí

Imeacht cuir in eagar

Ba é Cúchonnacht Mag Uidhir, Tiarna Fhear Manach, a d'eagraigh an turas. Tháinig long Bhriotánach go Loch Suilí i bhfíorthuaisceart na tíre, agus tugadh nócha duine ar bord chun na Spáinne. (D'imigh Aodh Rua Ó Dónaill chun na Spáinne sa bhliain 1602, áit a bhfuair sé bás).

 

Ar an 14 Meán Fómhair 1607, sheol na taoisigh deireanacha amach as Cuan Suillí Móire chun na deoraíochta. Is sa Fhrainc a thánadar i dtír ar 4 Deireadh Fómhair, de bharr drochaimsire, i Quilleboeuf, sa Fhrainc, idir Le Havre agus Rouen. Níor chuir na Francaigh fáilte rompu áfach.

Chaitheadar an Geimhreadh sa Lobháin bhFlóndras, áit a raibh coláiste Éireannach nuabhunaithe ag na Proinsiasaigh. D'fhan cuid acu ansin i, chuaigh cuid acu in airm na Spáinne

Ghlac sé ocht mí ar na Taoisigh eile an Róimh a bhaint amach. Shroich Ó Néill agus Ó Domhnaill an Róimh in Earrach na bliana 1608. E’fhág an turas dian mar aon le maláire a tolgadh ó mhíoltóga abhainn na Tibire a rian ar a sláinte. Cailleadh Iarla Thír Chonaill Ruairí Ó Dónaill agus a dheartháir Cathbarr (deartháireacha Aoidh Rua) i 1608 agus Barún Dhún Geanainn, Aodh Óg Ó Néill, an bhliain dár gcionn.[3]

Cé go bhfuaireadar tearmann sa Róimh agus sa Spáinn, ní raibh aon chúnamh míleata ar fáil ann dóibh.

Fuair Ó Néill bás a Róimh sa bhliain 1616. Faoin am ar cailleadh Aodh Ó Néill féin bhí caidreamh níos fearr idir an Spáinn agus Sasana agus bhí drogall ar Rí na Spáinne an lasóg a chur sa bharrach arís. Meastar gurbh é sin an chúis go raibh an inscríbhinn ar a uaigh siúd i bhfad níos simplí ná na cinn atá ar uaigheanna na n-iarlaí eile a d'éag in 1608-1609. [3]    

Iarmhairtí cuir in eagar

Imeacht na nIarlaí nó Teitheadh na nIarlaí a bhí i gceist ? Tá an scéal casta. Pé acu ar turas taidhleoireachta nó ag seachaint glaoch a cuireadh ar Ó Néill go Londain nó imeacht mar nach bhféadfaidís glacadh leis an lagú a bhí tagtha ar a gcumhacht, ba thubaiste a bhfágáil.[4]

Tháinig leis deireadh le réim na nGael in Ulaidh, an ceantar ba Ghaelaí sa tír ag an am. Déanadh plandáil ansin ar Chúige Uladh. Glacadh seilbh ar an gcuid ba mhó de thailte na dtaoiseach Gaelach i gCúige Uladh tar éis 1607.[5]

Naisc cuir in eagar

Naisc Sheachtracha cuir in eagar

Tagairtí cuir in eagar

  1. cogg.ie. "Lámhleabhar". Dáta rochtana: 2020.
  2. donegalcoco.ie/. "Document Study Pack". Dáta rochtana: 2021.
  3. 3.0 3.1 Tuairisc (28 Feabhra 2019). "Géillte gur dócha nach dtiocfar go deo ar thaisí Aoidh Uí Néill sa Róimh" (ga-IE). Tuairisc.ie. Dáta rochtana: 2022-09-14.
  4. irishtimes.com (Ean 24, 2007). "Anluain Imeacht an Iarla". Dáta rochtana: 2020.
  5. Fidelma Ní Ghallchobhair. Ár dtéarmaí féin. Cois Life 2014, lch 34
  6. historyireland.com. "Cuntas Thaidhg Uí Chianáin ar Thuras Deoraíochta na dTaoiseach Ultach, 1607–8". Dáta rochtana: 2020.