Aodh Rua Ó Dónaill
Tiarna Thír Chonaill ab ea Aodh Rua Ó Dónaill (1572 - 10 Meán Fómhair, 1602) a bhí páirteach i gCogadh na Naoi mBliana ó 1594 go 1603[1],[2].
![]() ![]() | |
Ainm sa teanga dhúchais | (ga) Aodh Ruadh Ó Domhnaill (en) Red Hugh O'Donnell |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 30 Deireadh Fómhair 1572 (Féilire Ghréagóra) Leifear ![]() |
Bás | 10 Meán Fómhair 1602 29 bliana d'aois Simancas ![]() |
Áit adhlactha | Valladolid ![]() |
Gníomhaíocht | |
Gairm | saighdiúir ![]() |
Tréimhse ama | Glúin an 17ú aois agus glúin an 16ú aois |
Teaghlach | |
Teaghlach | Uí Dhomhnaill ![]() |
Athair | Aodh Ó Dónaill agus Fionnuala Nic Dhónaill |
Siblín | Ruaidhrí Ó Domhnaill agus Nuala Ní Dhónaill |

Óige agus príosúnacht cuir in eagar
Rugadh Aodh Rua sa bhliain 1571. Mac le taoiseach Thír Chonaill, Aodh mac Mánusa Ó Dónaill, ab ea é. Fionnuala Nic Dhónaill An Inghean Dubh a bhí ar a mháthair.
Tógadh ar altramas é le Mac Suibhne, tiarna Fhánaid i dtuaisceart Thír Chonaill, i gCaisleán na dTuath (taobh istigh de Chuan na gCaorach).[3]
Sa bhliain 1587, d'fhuadaigh Sir John Perrot é agus Aodh Rua cúig mbliana déag d'aois chun stop a chur le comhaontas idir Muintir Dhónaill agus Muintir Néill. Chuir Perrot long a bhí lán d'fhíon go Loch Súilí.[4] Chuir an captaen teachtaireacht go Clann Mhic Suibhne go raibh fíon aige le díol agus go raibh fáilte rompu teacht ar bhord na loinge chun béile a bheith acu, agus an fíon a bhlaiseadh. Ghlac Chlann Mhic Shuibhne leis an gcuireadh, ach i ngan fhios dóibh, bhí slua de shaighdiúirí Sasanacha i bhfolach ar an mbád.
Thuigeadar go tapaidh go rabhadar gafa, ach d'éirigh le Mac Suibhne saoirse gach duine a shocrú, trí airgead a íoc thar a gceann, ach amháin saoirse Aodh Uí Dhomhnaill. Ba chuma cé mhéad airgid a bhí Muintir Uí Shuibhne sásta íoc as saoirse Aoidh, bhí sé soiléir nach nglacfadh na Sasanaigh le hairgead, agus gur fuadaíodh Aodh, a bhí mar aidhm ag na Sasanaigh ó thús.
Cuireadh Aodh i bpríosún i gCaisleáin Bhaile Átha Cliath, i dtúr Birmingham. I dTír Chonaill, Bheartaigh a mháthair (an t-Iníon Dhubh) saoirse a mic a fháil agus Tír Chonaill a choimeád faoi smacht go dtí go mbeadh Aodh saor arís.
D'éirigh le Aodh éalú ar feadh tamaill sa bhliain 1590, ach rug na Sasanaigh air.
Le cabhair ó Aodh Ó Néill, d'éalaigh Aodh Rua arís i mí Eanáir sa bhliain 1592 in éineacht le beirt mhac le Seán Ó Néill. Sin an t-aon uair amháin a d'éirigh le héinne éalú ó Chaisleán Bhaile Átha Cliath.
Bhí siad fuar fliuch agus iad caillte i sléibhte Chill Mhantáin. Fuair Art Ó Néill bás sna sléibhte agus bhí Aodh Rua i bponc ar feadh tamaill. Shroich sé an daingean a bhí ag Fiacha Mac Aodha Ó Broin i nGleann Molúra. Dóite ag an sioc, chaill Aodh Rua a orda coise
Cogadh na Naoi mBliana cuir in eagar
Nuair a d'fhill Aodh ar Chúige Uladh, d'éirigh a athair as mar thaoiseach. Tháinig Aodh i gceannas ar mhuintir Dhónaill agus ar Thír Chonaill.
Faoin mbliain 1594, bhí Aodh Óg Uí Dhomhnaill ina cheannaire ar na Gallóglaigh in aghaidh Shasana le linn Cogadh na Naoi mBliain. Comhghuaillithe ab ea é féin agus Aodh Ó Néill nuair a thosaigh Cogadh na Naoi mBliana.
Sár i bhfad d'éirigh leis an dá Aodh smacht a fháil ar Uladh, agus ar Shligeach go luath i dhiaidh sin. Fuair siad an ceann is fearr ar na Sasanaigh ag cathanna ag Béal Átha na mBrioscaí, Cluain Tiobraid agus sa Chorrshliabh.[6]
Sa bhliain 1601 tháinig a gcomhghuaillithe, na Spáinnigh, i dtír chun chabhrú leo, ach bhí siad rófhada ó dheas, i gCionn tSáile. B'éigean do na hÉireannaigh dul go Cionn tSáile, ach buadh orthu ag Cath Chionn tSáile.
Oilithreacht, achainí chabhrach agus bás anabaí cuir in eagar
Tháinig Aodh Rua Ó Domhnaill a dhéanamh creiche i dTuamhain i 1599 agus thóg leis cuid d’eallach an fhile, Maoilín Óg.[7] D’impigh Maoilín air go dtiocfadh an fhilíocht saor ón gcreach agus tugadh an t-eallach ar ais dó. Chuir Maoilin i gcuimhne d’Aodh Rua i rann go raibh an chreach inghlactha i ndíoltas na hargana a rinne Ó Briain ar Aileach 400 bliain roimhe sin.[7][8]
D’fhág Aodh Éire tar éis na Nollag sa bhliain 1602.[9] Chuaigh sé go dtí an Spáinn chun cabhair breise a fháil, is cosúil.
Thaistil Aodh agus a lucht coimhdeachta an an gCamino Francés soir go dtí Astorga. Bhí socrú déanta go bhfanfadh Aodh Rua i Mainistir Bheinidicteach San Martín Pinario. Sa bhaile seo freisin a chas Aodh Rua Ó Domhnaill ó dheas i dtreo Valladolid, agus cúirt an Rí, go gairid roimh a bhás.
Fuair Aodh bás i gcaisleán Simancas sa bhliain 1602, áfach (10km soir ó Valladolid). Ar aon nós, chuir Rí na Spáinne, Pilib III na Spáinne, ionradh eile ar Éirinn ar ceal nuair a chuala sé an nuacht.
Chreid daoine fadó gur mharaigh spiaire é, ach b'fhéidir go raibh an plá bhúbónach i gceist[10]. Adhlacadh Aodh i Mainistir na bProinsiasach sa bPlaza Mayor i Valladolid,[11][12][13] a thuairiscítear ar dtús sa Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, le Lughaidh Ó Cléirigh.[14]
Tháinig a dheartháir Ruairí Ó Dónaill i gcomharbas air.
Sa bhliain 1991, i gcaisleán Simancas, nochtadh leac chuimhneacháin ina onóir, ar a scríobhadh, "...fuair Aodh Rua Ó Domhnaill, Prionsa Thír Chonaill, bás sa Chaisleán seo i Simancas agus é ar a bhealach go Valladolid le cabhair mhíleata bhreise a lorg ar Rí Pilib III tar éis briseadh chath Chionn tSáile in Éirinn ar fhórsaí na Spáinne agus na hÉireann ag arm Shasana."[15]
Féach freisin cuir in eagar
Naisc sheachtracha cuir in eagar
Tagairtí cuir in eagar
- ↑ Mícheál Mac Craith - ‘Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill: Beathaisnéis de chuid an Renaissance’, Irisleabhar Mhá Nuad, 1994
- ↑ Ó CLÉIRIGH, Lughaidh (c.1580–c.1630) Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill, https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=1409
- ↑ "Heritage Ireland: Caisleán na dTuath". web.archive.org (2017-02-24). Cartlannaíodh an bunleathanach ar 2017-02-24. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ "Aodh Rua Ó Domhnaill | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ Foras na Gaeilge. "Ealaín Phoiblí in Éirinn". Dáta rochtana: 2021.
- ↑ "Aodh Rua Ó Domhnaill | An Phoblacht". www.anphoblacht.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ 7.0 7.1 "MAC BRUAIDEADHA, Maoilín Óg (?–1602)" (ga). ainm.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ Tá an dán in Annála Ríoghachta Éireann faoin mbliain 1599 agus in Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill le Lughaidh Ó Cléirigh.
- ↑ Mícheál de Barra: An Bóthar go Santiago. Cois Life 2007
- ↑ Britannica[nasc briste go buan]
- ↑ "Bowing to a regal past". www.irishtimes.com. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ "Memory of Red Hugh O’Donnell honoured in Valladoloid - Department of Foreign Affairs". www.dfa.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ "Spanish dig closes in on burial site of Irish lord Red Hugh O'Donnell" (en). the Guardian (2020-05-27). Dáta rochtana: 2021-09-10.
- ↑ "Part 12 of Beatha Aodha Ruaidh Uí Dhomhnaill". celt.ucc.ie. Dáta rochtana: 2021-08-15.
- ↑ "Resting-place of Red Hugh" (en). The Irish Times. Dáta rochtana: 2021-08-15.